+Airteagal 30 Scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.

Airteagal 30 Scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Ní údaróidh an t-údarás inniúil CPL ach amháin má tá sé curtha ar an eolas faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu an scairshealbhóirí nó comhaltaí díreacha nó neamhdhíreacha iad, an daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.
Airteagal 30 2.
Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil CPL a údarú i gcás nach bhfuil sé sásta i dtaobh oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa CPL, ag cur san áireamh an gá atá le bainistíocht fhónta agus stuama CPL a áirithiú. I gcás ina bhfuil coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 bunaithe, eiseoidh an coláiste sin tuairim i dtaobh oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa CPL, de bhun Airteagal 19 agus i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17b.
Airteagal 30 3.
I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an CPL agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás nach gcuireann na naisc sin bac ar fheidhmiú éifeachtach na bhfeidhmeanna maoirseachta.
Airteagal 30 4.
I gcás ina n-imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 1 tionchar ar dócha é go ndéanfaidh sé dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an CPL, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí chun deireadh a chur leis an staid sin, agus d’fhéadfadh tarraingt siar údarú an CPL a bheith san áireamh sna bearta sin. Eiseoidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim i dtaobh an dócha go ndéanfaidh an tionchar dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an CPL agus maidir leis na bearta a bheartaítear chun deireadh a chur leis an staid sin, de bhun Airteagal 19 agus i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17b.
Airteagal 30 5.
Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil an CPL a údarú i gcás ina ndéanann forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil dlúthnaisc ag an CPL sin leo, nó deacrachtaí ó thaobh iad a chur i bhfeidhm, cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach na bhfeidhmeanna maoirseachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.