+Airteagal 31 Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
---+Airteagal 31 7.
---+Airteagal 31 8.
|
Airteagal 31 Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Déanfaidh an contrapháirtí lárnach fógra a thabhairt dá údarás inniúil maidir le haon athruithe ar a bhainistíocht, agus soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá don údarás inniúil d'fhonn comhlionadh le hAirteagal 27(1) agus an dara fomhír d'Airteagal 27(2) a mheasúnú. Más dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den bhord dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is iomchuí, agus a bhféadfadh sé a bheith ar áireamh an comhalta sin a bhriseadh ón mbord.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith nó daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (“an faighteoir beartaithe”), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin i gcontrapháirtí lárnach a mhéadú tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a fhágfadh go mbainfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé an céatadán sin nó chun go dtiocfadh an contrapháirtí lárnach chun bheith ina fhochuideachta (“an éadáil bheartaithe”), tabharfaidh siad ar dtús fógra i scríbhinn don údarás inniúl ar faoin gcontrapháirtí lárnach ina bhfuil siad ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú, ag léiriú méid an tsealúchais atá beartaithe agus na faisnéise cuí dá dtagraítear in Airteagal 32(4). Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach (“an díoltóir beartaithe”) a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais atá beartaithe le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an contrapháirtí lárnach de bheith mar fhochuideachta an duine sin. Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa mhír seo a fháil agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil admháil i scríbhinn a chur chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir beartaithe agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18. Laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid uile is gá a chur i gceangal leis an bhfógra ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus mura gcuirfear síneadh leis i gcomhréir leis an Airteagal seo, (“an tréimhse mheasúnúcháin”), déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 32(1) (“an measúnú”). Eiseoidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 agus eiseoidh ESMA tuairim de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17b le linn na tréimhse measúnúcháin. Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éagtha na tréimhse um measúnú nuair a admhóidh sé go bhfuil an fógra faighte.
|
|
Airteagal 31 3.
|
►M18
Déanfaidh an t-údarás inniúil, thar a cheann féin agus arna iarraidh sin do ESMA nó don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, gan moill mhíchuí le linn na tréimhse measúnúcháin, i gcás inar gá, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse mheasúnúcháin, cibé faisnéis bhreise a iarraidh is gá chun an measúnú a chur i gcrích. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti. ◄
Brisfear an tréimhse um measúnú ar feadh tréimhse idir dáta an iarratais ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a bhfaighidh an faighteoir beartaithe an freagra. Ní sháróidh an briseadh 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarratais bhreise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní gá go mbrisfear an tréimhse um measúnú dá bharr.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a fhadú suas le 30 lá oibre ar a laghad i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe:
(a)
lonnaithe nó rialaithe lasmuigh den Aontas;
(b)
ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi réir maoirseachta faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 73/239/CEE, Treoir 92/49/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil (
22
), nó Treoracha 2002/83/CE, 2003/41/CE, 2004/39/CE, 2005/68/CE, 2006/48/CE, 2009/65/CE nó 2011/61/AE.
|
|
Airteagal 31 5.
|
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an measúnú críochnaithe, cur i gcoinne na héadála beartaithe, cuirfidh sé an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi i scríbhinn agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin laistigh de dhá lá oibre agus gan an tréimhse um measúnú a shárú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 dá réir sin. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal ar iarratas ón bhfaighteoir beartaithe. Mar sin féin, féadfaidh Ballstáit údarás inniúil a cheadú nochtadh den sórt sin a dhéanamh in éagmais iarratais ón bhfaighteoir beartaithe.
|
|
Airteagal 31 6.
|
I gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála beartaithe laistigh den tréimhse um measúnú, measfar an éadáil bheartaithe a bheith ceadaithe.
|
|
Airteagal 31 7.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe a dhéanamh agus í a fhadú nuair is iomchuí.
|
|
Airteagal 31 8.
|
Ní fhorchuirfidh Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo, maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chearta vótála nó caipiteal a fháil go díreach nó go hindíreach agus formheas a fháil ina leith uaidh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|