+Airteagal 31 2.

Airteagal 31 2.

Duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith nó daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (“an faighteoir beartaithe”), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin i gcontrapháirtí lárnach a mhéadú tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a fhágfadh go mbainfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé an céatadán sin nó chun go dtiocfadh an contrapháirtí lárnach chun bheith ina fhochuideachta (“an éadáil bheartaithe”), tabharfaidh siad ar dtús fógra i scríbhinn don údarás inniúl ar faoin gcontrapháirtí lárnach ina bhfuil siad ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú, ag léiriú méid an tsealúchais atá beartaithe agus na faisnéise cuí dá dtagraítear in Airteagal 32(4).

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach (“an díoltóir beartaithe”) a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais atá beartaithe le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an contrapháirtí lárnach de bheith mar fhochuideachta an duine sin.

Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa mhír seo a fháil agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil admháil i scríbhinn a chur chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir beartaithe agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.

Laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid uile is gá a chur i gceangal leis an bhfógra ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus mura gcuirfear síneadh leis i gcomhréir leis an Airteagal seo, (“an tréimhse mheasúnúcháin”), déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 32(1) (“an measúnú”). Eiseoidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 agus eiseoidh ESMA tuairim de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17b le linn na tréimhse measúnúcháin.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éagtha na tréimhse um measúnú nuair a admhóidh sé go bhfuil an fógra faighte.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.