+Airteagal 35 Eisfhoinsiú
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
|
Airteagal 35 Eisfhoinsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
I gcás ina ndéanann contrapháirtí lárnach feidhmeanna oibríochtúla, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus áiritheoidh sé na nithe seo a leanas i gcónaí:
(a)
ní tharmligtear freagrachtaí an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar eisfhoinsiú;
(b)
ní thagann athrú ar chaidreamh agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh i leith a chomhaltaí imréitigh ná i gcás inarb ábhartha, i leith a gcliant;
(c)
ní athróidh na coinníollacha chun contrapháirtí lárnach a údarú;
(d)
ní chuirtear cosc le heisfhoinsiú ar fheidhmeanna maoirseachta ná formhaoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láithreán a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na sainorduithe sin a chomhlíonadh;
(e)
ní fhágtar an contrapháirtí lárnach gan na córais agus rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de thoradh eisfhoinsiú;
(f)
déanfaidh an soláthraí seirbhísí ceanglais um leanúnachas gnó a chur chun feidhme a bheadh coibhéiseach leis na ceanglais nach foláir do chontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;
(g)
coinníonn an contrapháirtí lárnach an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht caipitil an tsoláthraí seirbhísí agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú agus déanann sé maoirseacht ar na feidhmeanna sin agus na rioscaí sin a bhainistiú ar bhonn leanúnach;
(h)
bíonn rochtain dhíreach ag an gcontrapháirtí lárnach ar fhaisnéis ábhartha na bhfeidhmeanna eisfhoinsithe;
(i)
bíonn an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;
(j)
tugann an soláthraí seirbhísí cosaint d'aon fhaisnéis rúnda a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chomhaltaí imréitigh agus cliaint nó, i gcás ina mbeidh an soláthraí seirbhísí bunaithe i dtríú tír, áirithíonn sé go mbeidh na caighdeáin um chosaint sonraí an tríú tír sin, nó na caighdeáin a leagtar síos sa chomhaontú idir na tíortha lena mbaineann, inchomparáide leis na caighdeáin um chosaint sonraí atá i bhfeidhm san Aontas.
Ní dhéanfaidh CPL mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a sheachfhoinsiú mura mbeidh an seachfhoinsiú sin formheasta ag an údarás inniúil. Beidh cinneadh an údaráis inniúil faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an gcontrapháirtí lárnach a chearta agus a oibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí a sholáthraí seirbhísí a leithdháileadh agus a leagan amach go soiléir, i gcomhaontú scríofa.
|
|
Airteagal 35 3.
|
Cuirfidh CPL an fhaisnéis uile is gá ar fáil arna iarraidh sin, chun a chur ar chumas an údaráis inniúil, ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe leis an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|