|
+Airteagal 35 1. |
Airteagal 35 1.I gcás ina ndéanann contrapháirtí lárnach feidhmeanna oibríochtúla, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus áiritheoidh sé na nithe seo a leanas i gcónaí:
(a)
ní tharmligtear freagrachtaí an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar eisfhoinsiú;
(b)
ní thagann athrú ar chaidreamh agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh i leith a chomhaltaí imréitigh ná i gcás inarb ábhartha, i leith a gcliant;
(c)
ní athróidh na coinníollacha chun contrapháirtí lárnach a údarú;
(d)
ní chuirtear cosc le heisfhoinsiú ar fheidhmeanna maoirseachta ná formhaoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láithreán a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na sainorduithe sin a chomhlíonadh;
(e)
ní fhágtar an contrapháirtí lárnach gan na córais agus rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de thoradh eisfhoinsiú;
(f)
déanfaidh an soláthraí seirbhísí ceanglais um leanúnachas gnó a chur chun feidhme a bheadh coibhéiseach leis na ceanglais nach foláir do chontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;
(g)
coinníonn an contrapháirtí lárnach an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht caipitil an tsoláthraí seirbhísí agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú agus déanann sé maoirseacht ar na feidhmeanna sin agus na rioscaí sin a bhainistiú ar bhonn leanúnach;
(h)
bíonn rochtain dhíreach ag an gcontrapháirtí lárnach ar fhaisnéis ábhartha na bhfeidhmeanna eisfhoinsithe;
(i)
bíonn an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;
(j)
tugann an soláthraí seirbhísí cosaint d'aon fhaisnéis rúnda a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chomhaltaí imréitigh agus cliaint nó, i gcás ina mbeidh an soláthraí seirbhísí bunaithe i dtríú tír, áirithíonn sé go mbeidh na caighdeáin um chosaint sonraí an tríú tír sin, nó na caighdeáin a leagtar síos sa chomhaontú idir na tíortha lena mbaineann, inchomparáide leis na caighdeáin um chosaint sonraí atá i bhfeidhm san Aontas. Ní dhéanfaidh CPL mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a sheachfhoinsiú mura mbeidh an seachfhoinsiú sin formheasta ag an údarás inniúil. Beidh cinneadh an údaráis inniúil faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|