|
+Airteagal 38 10. |
Airteagal 38 10.Déanfaidh ESMA, i gcomhairle le ÚBE agus CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh:
(a)
na ceanglais atá le comhlíonadh ag an uirlis ionsamhlúcháin agus an cineál aschuir atá le soláthar de bhun mhír 6;
(b)
an fhaisnéis atá le soláthar ag CPLanna do chomhaltaí imréitigh maidir le trédhearcacht samhlacha éarlaise de bhun mhír 7;
(c)
an fhaisnéis atá le soláthar ag comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh dá gcliaint faoi mhíreanna 7 agus 8; agus
(d)
na ceanglais ionsamhlúchán éarlaisí atá le soláthar do chliaint agus an cineál aschuir atá le soláthar de bhun mhír 8. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|