+Airteagal 38 Trédhearcacht
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 38 5.
---+Airteagal 38 6.
---+Airteagal 38 7.
---+Airteagal 38 8.
---+Airteagal 38 9.
---+Airteagal 38 10.
|
Airteagal 38 Trédhearcacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
Nochtfaidh CPL agus a chomhaltaí imréitigh go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear. Nochtfaidh siad na praghsanna agus na táillí atá ar gach seirbhís a sholáthraítear ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus lacáistí agus na coinníollacha chun tairbhiú de na laghduithe sin. Ligfidh CPL dá chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, dá gcliaint rochtain ar leithligh a bheith acu ar na seirbhísí sonracha a sholáthraítear. Déanfaidh CPL cuntas a thabhairt go leithleach i dtaobh chostais agus ioncaim na seirbhísí a sholáthraítear agus nochtfaidh sé an fhaisnéis sin do ESMA agus don údarás inniúil.
|
|
Airteagal 38 2.
|
Nochtfaidh CPL do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear.
|
|
Airteagal 38 3.
|
Nochtfaidh CPL do ESMA, dá chomhaltaí imréitigh agus dá údarás inniúil an fhaisnéis faoi phraghsanna a úsáidtear chun neamhchosaintí ag deireadh an lae maidir lena chomhaltaí imréitigh a ríomh. Nochtfaidh CPL go poiblí líon na n-idirbheart a imréitítear i leith gach aicme ionstraimí arna himréiteach ag an CPL ar bhonn comhiomlán.
|
|
Airteagal 38 4.
|
Nochtfaidh CPL go poiblí na riachtanais oibríochtúla agus theicniúla a bhaineann leis na prótacail chumarsáide lena gcumhdaítear formáidí inneachair agus formáidí teachtaireachtaí a úsáideann sé chun idirghníomhú le tríú páirtithe, lena n-áirítear na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7.
|
|
Airteagal 38 5.
|
Nochtfaidh CPL go poiblí aon sárú arna dhéanamh ag comhaltaí imréitigh ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal sin, ach amháin i gcás ina measann an t-údarás inniúil go mbeadh an nochtadh sin ina bhagairt ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh nó go gcuirfeadh sé na margaí airgeadais go mór i mbaol nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
|
|
Airteagal 38 6.
|
Soláthróidh CPL uirlis ionsamhlúcháin dá chomhaltaí imréitigh a chuirfidh ar a gcumas méid na héarlaise tosaigh breise ar leibhéal na punainne, a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón CPL ar idirbheart nua a bheith imréitithe, a chinneadh, lena n-áirítear ionsamhlúchán ar na ceanglais éarlaise a bhféadfaidís a bheith faoina réir i gcásanna éagsúla. Is ar bhonn slánrochtana amháin a thabharfar rochtain ar an uirlis sin, agus ní bheidh torthaí an ionsamhlúcháin ina gceangal.
|
|
Airteagal 38 7.
|
Soláthróidh CPL faisnéis dá chomhaltaí imréitigh faoi na samhlacha éarlaise tosaigh a úsáideann sé, lena n-áirítear modheolaíochtaí d’aon fhorlíontáin, ar bhealach soiléir agus trédhearcach. Maidir leis an bhfaisnéis sin:
(a)
tabharfar míniú soiléir léi ar dhearadh na samhla éarlaise tosaigh agus an dóigh ina n-oibríonn sí, lena n-áirítear i ndálaí struis sa mhargadh;
(b)
tabharfar míniú soiléir léi ar phríomhthoimhdí agus príomhtheorainneacha na samhla éarlaise tosaigh agus na cúinsí faoi nach bhfuil na toimhdí sin bailí a thuilleadh;
|
|
Airteagal 38 8.
|
Déanfaidh comhaltaí imréitigh a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dá gcliaint:
(a)
faisnéis faoin gcaoi a n-oibríonn samhlacha éarlaise an CPL;
(b)
faisnéis faoi na staideanna agus na coinníollacha a d‘fhéadfadh glaonna ar éarlais a spreagadh;
(c)
faisnéis faoi na nósanna imeachta a úsáidtear chun an méid atá le breacadh ag na cliaint a shuí; agus
(d)
ionsamhlúchán de na ceanglais éarlaise a bhféadfadh cliaint a bheith faoina réir i gcásanna éagsúla.
Chun críocha phointe (d), áireofar in ionsamhlúchán na gceanglas éarlaise na héarlaisí a éilíonn an CPL agus aon éarlais bhreise a éilíonn na comhaltaí imréitigh agus na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh. Ní bheidh torthaí ionsamhlúcháin den sórt sin ina gceangal. Arna iarraidh sin do chomhalta imréitigh, déanfaidh CPL, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar don chomhalta imréitigh sin ionas gur féidir leis an gcomhalta imréitigh sin an chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh, ach amháin má sholáthraítear an fhaisnéis sin cheana de bhun mhíreanna 1 go 7. I gcás ina soláthraíonn an comhalta imréitigh nó cliant seirbhísí imréitigh, agus i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh siad an fhaisnéis sin chuig a gcliaint.
|
|
Airteagal 38 9.
|
Cuirfidh comhaltaí imréitigh an CPL agus na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh a gcuid cliant reatha agus féideartha ar an eolas go soiléir faoi na caillteanais fhéideartha nó costais fhéideartha eile a d’fhéadfaidís a iompar mar thoradh ar chur i bhfeidhm nósanna imeachta bainistithe mainneachtana agus socruithe leithdháilte caillteanais agus suíomhanna faoi rialacha oibríochta an CPL, lena n-áirítear an cineál cúitimh a d’fhéadfaidís a fháil, agus Airteagal 48(7) á chur san áireamh. Soláthrófar faisnéis atá mionsonraithe a dhóthain do chliaint chun a áirithiú go dtuigfidh siad na caillteanais sa chás is measa nó na costais eile a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh i gcás ina ndéanfadh an CPL bearta téarnaimh.
|
|
Airteagal 38 10.
|
Déanfaidh ESMA, i gcomhairle le ÚBE agus CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh:
(a)
na ceanglais atá le comhlíonadh ag an uirlis ionsamhlúcháin agus an cineál aschuir atá le soláthar de bhun mhír 6;
(b)
an fhaisnéis atá le soláthar ag CPLanna do chomhaltaí imréitigh maidir le trédhearcacht samhlacha éarlaise de bhun mhír 7;
(c)
an fhaisnéis atá le soláthar ag comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh dá gcliaint faoi mhíreanna 7 agus 8; agus
(d)
na ceanglais ionsamhlúchán éarlaisí atá le soláthar do chliaint agus an cineál aschuir atá le soláthar de bhun mhír 8.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|