|
+Airteagal 46 3. |
Airteagal 46 3.Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, agus tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
an cineál comhthaobhachta a d'fhéadfaí a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide agus bannaí faoi chumhdach,
(b)
na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1, agus an cuspóir chun a gcomh-thimthriallacht a theorannú á chur san áireamh; agus
(c)
na coinníollacha ábhartha faoinar féidir glacadh le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála mar chomhthaobhacht faoi mhír 1, lena n-áirítear teorainneacha tiúchana iomchuí, ceanglais maidir le cáilíocht chreidmheasa agus diancheanglais riosca comhghaolmhaireachta le haghaidh ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|