+Airteagal 46 Ceanglais maidir le comhthaobhacht
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
|
Airteagal 46 Ceanglais maidir le comhthaobhacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Glacfaidh CPL le comhthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint tosaigh agus leanúnach ar a chomhaltaí imréitigh a chumhdach. Féadfaidh CPL, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha, glacadh le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála, ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil go neamhchoinníollach arna iarraidh sin laistigh den tréimhse leachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 41. Socróidh CPL ina rialacha oibríochta an t-íosleibhéal soláthair urrúis chomhthaobhaigh is inghlactha do na ráthaíochtaí a nglacann sé leo agus féadfaidh sé a shonrú gur féidir leis glacadh le ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála atá go hiomlán neamh-chomhthaobhaithe. Ní fhéadfaidh CPL glacadh le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí ná ráthaíochtaí bainc tráchtála ach amháin chun a neamhchosaint tosaigh agus leanúnach ar a chomhaltaí imréitigh ar contrapháirtithe neamhairgeadais iad nó ar chliaint comhaltaí imréitigh a chumhdach, ar choinníoll gur contrapháirtithe neamhairgeadais iad na cliaint sin. I gcás ina soláthraítear sócmhainní, ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála do CPL, déanfaidh an CPL sin an méid seo a leanas:
(a)
na ráthaíochtaí bainc phoiblí nó na ráthaíochtaí bainc tráchtála a chur san áireamh, agus a neamhchosaint ar an mbanc, ar comhalta imréitigh é freisin, a eisíonn iad á ríomh aige;
(b)
ráthaíochtaí bainc phoiblí neamh-chomhthaobhaithe nó ráthaíochtaí bainc tráchtála neamh-chomhthaobhaithe a chur faoi réir teorainneacha comhchruinnithe;
(c)
caolchorrlaigh leormhaithe a chur i bhfeidhm ar luachanna sócmhainní, ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála chun a léiriú go bhféadfadh laghdú teacht ar na luachanna sin i gcaitheamh na tréimhse idir a n-athluacháil deiridh agus an tráth faoinar féidir glacadh leis go réasúnach go ndearnadh iad a leachtú nó a fheidhmiú, de réir mar is infheidhme;
(d)
an riosca leachtachta a chur san áireamh tar éis mainneachtain rannpháirtí sa mhargadh agus an riosca comhchruinnithe a chur san áireamh ar shócmhainní áirithe i mbunú na comhthaobhachta inghlactha agus na gcaolchorrlach ábhartha don CPL;
(e)
a chur san áireamh gur gá aon éifeachtaí comh-thimthriallachta a d’fhéadfadh a bheith ag athbhreithnithe den sórt sin a íoslaghdú agus athbhreithniú á dhéanamh ar leibhéal na gcaolchorrlach a chuireann sé i bhfeidhm maidir leis na sócmhainní agus na ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála a nglacann sé leo mar chomhthaobhacht.
|
|
Airteagal 46 2.
|
Féadfaidh contrapháirtí lárnach, nuair is iomchuí agus nuair is ciallmhar a dhóthain, glacadh leis an ábhar is bunús leis an gconradh díorthach nó leis an ionstraim airgeadais a thionscnaíonn neamhchosaint an chontrapháirtí lárnaigh mar chomhthaobhacht chun a cheanglais éarlaise a chlúdach.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, agus tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
an cineál comhthaobhachta a d'fhéadfaí a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide agus bannaí faoi chumhdach,
(b)
na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1, agus an cuspóir chun a gcomh-thimthriallacht a theorannú á chur san áireamh; agus
(c)
na coinníollacha ábhartha faoinar féidir glacadh le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála mar chomhthaobhacht faoi mhír 1, lena n-áirítear teorainneacha tiúchana iomchuí, ceanglais maidir le cáilíocht chreidmheasa agus diancheanglais riosca comhghaolmhaireachta le haghaidh ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|