+Airteagal 47 Beartas infheistíochta
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
---+Airteagal 47 6.
---+Airteagal 47 7.
---+Airteagal 47 8.

Airteagal 47 Beartas infheistíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47 1.
Ní infheisteoidh contrapháirtí lárnach a acmhainní airgeadais ach amháin in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha a mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.
Airteagal 47 2.
Maidir le méid an chaipitil, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí an chontrapháirtí lárnaigh, nach mbeidh infheistithe i gcomhréir le mír 1, ní chuirfear san áireamh é chun críocha Airteagal 16(2) nó Airteagal 45(4).
Airteagal 47 3.
Déanfar ionstraimí airgeadais a chuirfear suas mar éarlaisí nó mar ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana a thaisceadh, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, le hoibreoirí córais socraíochta urrús lena n-áirithítear lánchosaint na n-ionstraimí airgeadais sin. Mar mhalairt rogha, féadfar socruithe eile ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe a úsáid.
Airteagal 47 4.
Déanfar taiscí in airgead tirim de chuid contrapháirtí lárnaigh trí shocruithe ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe nó, mar rogha air sin, trí shaoráidí seasmhacha taisce de chuid banc ceannais nó trí mheán inchomparáide eile a chuirfidh na bainc cheannais ar fáil.
Airteagal 47 5.
I gcás ina dtaiscfidh contrapháirtí lárnach sócmhainní le tríú páirtí, déanfaidh sé a áirithiú go bhfuil sócmhainní na gcomhaltaí imréitigh inaitheanta go leithleach ó acmhainní an chontrapháirtí lárnaigh nó sócmhainní an tríú páirtí trí bhíthin cuntais lena ngabhann teidil éagsúla a bheith ar leabhair an tríú páirtí nó trí bhíthin aon bhearta coibhéiseacha lena mbainfear an leibhéal céanna cosanta amach. Beidh rochtain phras ag contrapháirtí lárnach ar na hionstraimí airgeadais nuair is gá.
Airteagal 47 6.
Ní dhéanfaidh contrapháirtí lárnach a chaipiteal ná na suimeanna ag eascairt as na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 41, 42, 43 nó 44 a infheistiú ina urrúis féin ná in urrúis a mháthairchuideachta ná a fhochuideachta.
Airteagal 47 7.
Cuirfidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaintí foriomlána ar riosca creidmheasa i leith féichiúnaithe aonair san áireamh nuair a bheidh a chinntí infheistíochta á ndéanamh aige agus áiritheoidh sé go bhfanfaidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca i leith aon fhéichiúnaí ar leith laistigh de theorainneacha comhchruinnithe inghlactha.
Airteagal 47 8.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM agus CEBC, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh amhail dá dtagraítear i mír 1, na socruithe an-urraithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 agus na teorainneacha comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 7.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.