+Airteagal 48 Nósanna imeachta mainneachtana
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 48 3.
---+Airteagal 48 4.
---+Airteagal 48 5.
---+Airteagal 48 6.
---+Airteagal 48 7.
---+Airteagal 48 8.
|
Airteagal 48 Nósanna imeachta mainneachtana
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 48 1.
|
Beidh nósanna imeachta mionsonraithe i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach a bheidh le leanúint i gcás nach gcomhlíonfaidh comhalta imréitigh ceanglais rannpháirtíochta an chontrapháirtí lárnaigh atá leagtha síos in Airteagal 37 laistigh den teorainn ama agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an gcontrapháirtí lárnach. Tabharfaidh an contrapháirtí lárnach cuntas mionsonraithe ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás nach bhfógraíonn contrapháirtí lárnach mainneachtain comhalta imréitigh. Déanfar na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go bliantúil
|
|
Airteagal 48 2.
|
Déanfaidh contrapháirtí lárnach beart pras chun brúnna leachtachta agus caillteanais ag eascairt as mainneachtanna a shrianadh agus áiritheoidh sé nach gcuirfidh leachtú suíomhanna de chuid aon chomhaltaí imréitigh isteach ar a n-oibríochtaí ná nach ndéanfaidh sé comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a neamhchosaint ar chaillteanais nach féidir leo a réamh-mheas ná a rialú.
|
|
Airteagal 48 3.
|
I gcás ina measfaidh contrapháirtí lárnach nach mbeidh an comhalta imréitigh in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh amach anseo, cuirfidh an contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas go pras sula bhfógraítear nó sula dtionscnaítear an nós imeachtaí mainneachtana. Cuirfidh an t-údarás inniúil sin an fhaisnéis sin in iúl go pras do ÚEUM, do chomhaltaí ábhartha CEBC agus don údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhalta imréitigh mhainneachtana.
|
|
Airteagal 48 4.
|
Fíoróidh contrapháirtí lárnach gur féidir a nósanna imeachta mainneachtana a fhorfheidhmiú. Glacfaidh sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla aige suíomhanna dílsithe an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú agus suíomhanna chliaint an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú nó a aistriú.
|
|
Airteagal 48 5.
|
►M18
I gcás ina dtaifeadtar i dtaifid agus cuntais CPL go bhfuil sócmhainní agus suíomhanna á sealbhú do chuntas cliant, ar cliaint iad de chomhalta imréitigh mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 39(2), tabharfaidh an CPL, ar a laghad, tiomantas conarthach go dtionscnóidh sé na nósanna imeachta le haghaidh na sócmhainní agus na suíomhanna arna sealbhú ag an gcomhalta imréitigh mainneachtana do chuntas a chliant uile a aistriú chuig comhalta imréitigh eile atá ainmnithe ag na cliaint sin go léir, agus aistreoidh sé na sócmhainní agus suíomhanna sin mura rud é go ndéanfaidh na cliaint uile agóid i gcoinne aistriú den sórt sin sula gcuirfear an t-aistriú sin i gcrích agus gan toiliú ón gcomhalta imréitigh mainneachtana. Ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhalta imréitigh eile sin glacadh leis na sócmhainní agus na suíomhanna sin ach amháin i gcás ina ndearna sé caidreamh conarthach roimhe sin leis na cliaint sin a bhfuil sé tar éis tiomantas a thabhairt dóibh go ndéanfaidh sé amhlaidh. Más rud é nach ndearnadh an t-aistriú sin chuig an gcomhalta imréitigh eile ar chúis ar bith laistigh de thréimhse aistrithe réamhshainithe a shonraítear ina rialacha oibríochta, féadfaidh an CPL na céimeanna go léir a cheadaítear lena rialacha a ghlacadh chun na rioscaí i ndáil leis na suíomhanna sin a bhainistiú go gníomhach, lena n-áirítear na sócmhainní agus na suíomhanna arna sealbhú ag an gcomhalta imréitigh mainneachtana do chuntas a chliant a leachtú. ◄
|
|
Airteagal 48 6.
|
I gcás ina ndéanfar a thaifeadadh i dtaifid agus i gcuntais contrapháirtí lárnaigh go bhfuil sócmhainní agus suíomhanna á sealbhú do chuntas le haghaidh cliant atá ag comhalta imréitigh mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 39(3), tabharfaidh an contrapháirtí lárnach, ar a laghad, tiomantas conarthach go dtionscnóidh sé na nósanna imeachta chun na sócmhainní agus na suíomhanna a bheidh á sealbhú ag an gcomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh an chliaint a aistriú chuig comhalta imréitigh eile a ainmneoidh an cliant, arna iarraidh sin don chliant, agus gan toiliú ón gcomhalta imréitigh mhainneachtana. Ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhalta imréitigh eile na sócmhainní agus na suíomhanna sin a ghlacadh ach amháin i gcás ina ndearna sé caidreamh conarthach roimhe sin leis na cliaint a bhfuil sé tar éis tiomantas a thabhairt dóibh sin go ndéanfaidh sé amhlaidh. Más rud é nach ndearnadh an t-aistriú sin chuig an gcomhalta imréitigh eile ar chúis ar bith laistigh de thréimhse aistrithe réamhshainithe a shonraítear i rialacha oibríochta an chontrapháirtí lárnaigh, féadfaidh sé na céimeanna go léir a cheadaítear lena rialacha a ghlacadh chun na rioscaí i ndáil leis na suíomhanna sin a bhainistiú go gníomhach, lena n-áirítear na sócmhainní agus na suíomhanna atá ag an gcomhalta imréitigh mhainneachtana do chuntas le haghaidh an chliaint a leachtú.
|
|
Airteagal 48 7.
|
Úsáidfear comhthaobhacht cliant a idirdhealaítear i gcomhréir le hAirteagal 39(2) agus (3) go heisiach chun na suíomhanna a shealbhaítear dá gcuntais a chumhdach. Aon iarmhéid a bheidh dlite ag an gcontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach an próiseas bainistithe mainneachtana i leith comhalta imréitigh a chríochnú, tabharfar ar ais do na cliaint sin é gan stró i gcás inarb eol don chontrapháirtí lárnach cé hiad féin, agus murarb eol tabharfar ar ais é don chomhalta imréitigh do na cuntais le haghaidh a chliant.
|
|
Airteagal 48 8.
|
I gcás mainneachtain comhalta imréitigh agus i gcás ina mbeidh sé de thoradh mainneachtain den sórt sin go n-aistreofar, go hiomlán nó go páirteach, sócmhainní agus suíomhanna arna sealbhú ag cliaint ón gcomhalta imréitigh mainneachtana chuig comhalta imréitigh eile i gcomhréir le míreanna 5 agus 6, féadfaidh an comhalta imréitigh eile sin, ar feadh 3 mhí ó dháta an aistrithe sin, brath ar an dícheall cuí a dhéanann an comhalta imréitigh mainneachtana de bhun Roinn 4 de Chaibidil II de Threoir (AE) 2015/849 chun ceanglais na Treorach sin a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil an comhalta imréitigh ar aistríodh sócmhainní agus suíomhanna, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, chuige faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonfaidh sé na ceanglais chaipitil maidir le neamhchosaintí na gcomhaltaí imréitigh i leith cliant faoin Rialachán sin laistigh de thréimhse arna comhaontú lena údarás inniúil, ar tréimhse í nach faide ná 3 mhí ó dháta an aistrithe sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|