|
+Airteagal 49 1. |
Airteagal 49 1.Déanfaidh CPL athbhreithniú tráthrialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair a glacadh chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí eile rialaithe riosca a ríomh. Cuirfidh sé tástálacha struis diana agus tráthrialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun measúnú a dhéanamh ar a n-athléimneacht faoi dhálaí margaidh foircneacha ach sochreidte agus déanfaidh sé cúltástálacha chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na modheolaíochta a glacadh. Gheobhaidh an CPL bailíochtú neamhspleách, cuirfidh sé a údarás inniúil agus ESMA ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha a rinneadh agus gheobhaidh sé a mbailíochtú i gcomhréir le míreanna 1a go 1e sula nglacfaidh sé aon athrú suntasach ar na samhlacha agus ar na paraiméadair. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL athrú a ghlacadh ar shamhail nó ar pharaiméadar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe seo a leanas:
(a)
i gcás ina measann an CPL gur athrú suntasach é an t-athrú atá beartaithe de bhun mhír 1i, déanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú an athraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo;
(b)
i gcás ina measann an CPL nach athrú suntasach é an t-athrú atá beartaithe de bhun mhír 1i den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú an athraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 49a. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|