|
+Airteagal 49 1i. |
Airteagal 49 1i.Measfar gur athrú suntasach é athrú i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
fágann an t-athrú go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe iomlána an CPL, lena n-áirítear ceanglais éarlaise, ciste mainneachtana agus acmhainní dílse tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 45(4);
(b)
athraítear struchtúr nó gnéithe struchtúracha na samhla éarlaise;
(c)
déantar comhpháirt den tsamhail éarlaise, lena n-áirítear paraiméadar éarlaise nó forlíontán, a thabhairt isteach, a bhaint nó a leasú ar bhealach a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar aschur na samhla éarlaise ar leibhéal an CPL;
(d)
athraítear an mhodheolaíocht a úsáidtear chun fritháirimh phunainne a ríomh, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar na ceanglais éarlaise iomlána le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais laistigh den phunann;
(e)
athraítear an mhodheolaíocht chun cásanna tástála struis a shainiú agus a chalabrú chun méid chistí mainneachtana an CPL agus méid ranníocaíochtaí na gcomhaltaí imréitigh aonair leis na cistí mainneachtana sin a chinneadh, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar mhéid aon cheann de na cistí mainneachtana nó ar aon ranníocaíocht aonair le ciste mainneachtana;
(f)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar na riachtanais leachtachta a mheastar in airgeadra ar bith nó ar na riachtanais leachtachta iomlána;
(g)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun an riosca comhchruinnithe atá ag CPL i leith contrapháirtí aonair a chinneadh, sa chaoi go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar neamhchosaint fhoriomlán an CPL ar an gcontrapháirtí sin;
(h)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun comhthaobhacht a luacháil, nó caolchorrlaigh chomhthaobhachta a chalabrú, sa chaoi go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar luach iomlán na comhthaobhachta;
(i)
d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an athrú ar riosca foriomlán an CPL. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|