+Airteagal 49a Nós imeachta brostaithe maidir le hathruithe neamhshuntasacha ar shamhlacha agus paraiméadair de chuid CPL
---+Airteagal 49a 1.
---+Airteagal 49a 2.
---+Airteagal 49a 3.
---+Airteagal 49a 4.
---+Airteagal 49a 5.
---+Airteagal 49a 6.
---+Airteagal 49a 7.
|
Airteagal 49a Nós imeachta brostaithe maidir le hathruithe neamhshuntasacha ar shamhlacha agus paraiméadair de chuid CPL
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49a 1.
|
I gcás ina measann CPL nach gcomhlíonann athrú ar shamhail nó ar pharaiméadar dá dtagraítear in Airteagal 49(1) atá beartaithe aige a ghlacadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1i den Airteagal sin, féadfaidh sé a iarraidh go mbeidh an t-iarratas ar an athrú a bhailíochtú faoi réir an nós imeachta brostaithe faoin Airteagal seo.
|
|
Airteagal 49a 2.
|
Beidh feidhm ag an nós imeachta brostaithe maidir le hathrú atá beartaithe ar shamhail nó ar pharaiméadar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
d’iarr an CPL go ndéanfaí bailíochtú ar athrú a bhfuil measúnú le déanamh air faoin Airteagal seo; agus
(b)
chinn údarás inniúil an CPL agus ESMA araon nach bhfuil an t-athrú atá beartaithe suntasach de bhun mhír 4.
|
|
Airteagal 49a 3.
|
Déanfaidh an CPL a iarratas, lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis uile a cheanglaítear de bhun Airteagal 49(5), pointe (d), a thíolacadh i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach. Cuirfidh an CPL an fhaisnéis uile is gá ar fáil chun a léiriú cén fáth a measfar an t-athrú atá beartaithe a bheith neamhshuntasach agus, dá bhrí sin, incháilithe le haghaidh measúnú faoin nós imeachta brostaithe faoin Airteagal seo. Seolfar admháil chuig an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach laistigh de 2 lá oibre ón iarratas sin a thíolacadh go bhfuarthas an t-iarratas.
|
|
Airteagal 49a 4.
|
Cinnfidh údarás inniúil an CPL agus ESMA araon, laistigh de 10 lá oibre tar éis na hadmhála go bhfuarthas an t-iarratas, cibé an athrú suntasach nó neamhshuntasach é an t-athrú atá beartaithe.
|
|
Airteagal 49a 5.
|
I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL nó ESMA, i gcomhréir le mír 4, gur athrú suntasach é an t-athrú, cuirfidh siad é sin in iúl dá chéile i scríbhinn agus ní bheidh an t-iarratas ar an athrú sin a bhailíochtú faoi réir an nós imeachta brostaithe faoin Airteagal seo. Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra don CPL is iarratasóir tríd an mbunachar sonraí lárnach, lena n-áirítear míniú lánréasúnaithe, laistigh de 2 lá oibre ón gcinneadh a dhéantar faoi mhír 4. Laistigh de 10 lá oibre ón bhfógra a fháil, déanfaidh an CPL an t-iarratas a tharraingt siar nó comhlánóidh sé é chun na ceanglais maidir le hiarratas faoi Airteagal 49 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 49a 6.
|
I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL agus ESMA, i gcomhréir le mír 4, nach athrú suntasach é an t-athrú, déanfaidh siad araon, laistigh de 3 lá oibre ón gcinneadh sin, an méid seo a leanas:
(a)
an bailíochtú a dheonú, i gcás ina gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo, nó é a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo; agus
(b)
a chur in iúl dá chéile i scríbhinn, lena n-áirítear míniú lánréasúnaithe, cibé ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an bailíochtú.
I gcás nár dheonaigh aon cheann díobh an bailíochtú samhla, diúltófar don bhailíochtú.
|
|
Airteagal 49a 7.
|
Cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL is iarratasóir ar an eolas i scríbhinn, tríd an mbunachar sonraí lárnach, lena n-áirítear míniú lánréasúnaithe, laistigh de 2 lá oibre ó na cinntí a rinneadh faoi mhír 6 i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an bailíochtú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|