+Airteagal 54 Socruithe idir-inoibritheachta a fhormheas
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 54 5.

Airteagal 54 Socruithe idir-inoibritheachta a fhormheas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 54 1.
Beidh socrú idir-inoibritheachta, nó aon athrú ábhartha ar shocrú formheasta idir-inoibritheachta faoi Theideal V, faoi réir formheas a fháil roimh ré ó údaráis inniúla na CPLanna lena mbaineann. Iarrfaidh údaráis inniúla na CPLanna an tuairim ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcomhréir le hAirteagal 19, agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.
Airteagal 54 2.
Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla formheas don socrú idir-inoibritheach ach amháin sa chás gur údaraíodh na contrapháirtithe lárnacha lena mbaineann chun imréiteach a dhéanamh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17 nó gur tugadh aitheantas dóibh faoi Airteagal 25 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad, na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52 agus go gceadaíonn na coinníollacha teicniúla maidir le hidirbhearta a imréiteach faoi théarmaí an chomhaontaithe do na margaí airgeadais feidhmiú go réidh ordúil agus nach mbaineann an socrú an bonn d'éifeacht na maoirseachta.
Airteagal 54 3.
I gcás ina measann údarás inniúil nach gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos i mír 2, tabharfaidh sé mínithe i scríbhinn maidir lena chomaoineacha riosca do na húdaráis inniúla agus do na comhpháirtithe lárnacha eile lena mbaineann. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas freisin, agus eiseoidh sé sin tuairim ar bhailíocht éifeachtach na gcomaoineacha riosca mar fhorais chun an comhaontú idir-inoibritheachta a dhiúltú. Cuirfear tuairim ÚEUM ar fáil do na contrapháirtithe lárnacha ar fad lena mbaineann. I gcás ina bhfuil difear idir tuairim ÚEUM agus an measúnú a rinne an t-údarás inniúil ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil sin machnamh ar a chás arís, agus tuairim ÚEUM á chur san áireamh aige.
Airteagal 54 4.
Faoin 25 Meitheamh 2026, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí d’fhonn measúnuithe comhsheasmhacha, éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú ar shocruithe idir-inoibritheachta arna ndéanamh ag údaráis inniúla náisiúnta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Forbróidh ESMA dréachtaí do na treoirlínte nó na moltaí sin tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC.
Airteagal 54 5.
Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC agus BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na ceanglais i gcás CPLanna a shonrú tuilleadh chun bainistiú leormhaith a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as socruithe idir-inoibritheachta. Chun na críche sin, cuirfidh ESMA san áireamh na treoirlínte arna n-eisiúint faoi mhír 4 agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an iomchuí na forálacha a áirítear iontu i gcás socruithe idir-inoibritheachta lena gcumhdaítear gach cineál táirge nó conartha, lena n-áirítear conarthaí díorthach agus ionstraimí neamhairgeadais.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.