+Airteagal 73 Bearta maoirseachta ag ÚEUM
---+Airteagal 73 1.
---+Airteagal 73 2.
---+Airteagal 73 3.

Airteagal 73 Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 73 1.

Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:

(a) 

a cheangal ar an stór trádála deireadh a chur leis an sárú;

(b) 

fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 65;

(c) 

fógraí poiblí a eisiúint;

(d) 

mar rogha dheiridh, clárúchán an stóir thrádála a tharraingt siar.

Airteagal 73 2.

Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) 

ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an ghnóthais nó ina chórais bainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;

(c) 

cibé acu atá baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, atá sí éascaithe nó atá sí, ar bhealach eile, inchurtha ina leith;

(d) 

an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

Airteagal 73 3.
Déanfaidh ÚEUM fógra a thabhairt, gan moill mhíchuí, faoi haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don stór trádála lena mbaineann agus cuirfidh sé aon chinneadh den sórt sin in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a láithreán gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a nglacfar é.

Nuair atá a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an stór trádála lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ÚEUM ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.