+Airteagal 77 Aitheantas a thabhairt do stórtha trádála
---+Airteagal 77 1.
---+Airteagal 77 2.

Airteagal 77 Aitheantas a thabhairt do stórtha trádála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 77 1.
Ní fhéadfaidh stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a sholáthar d'eintitis atá bunaithe san Aontas chun críocha Airteagal 9 ach amháin má thugann ÚEUM aitheantas don stór trádála sin i gcomhréir le mír 2.
Airteagal 77 2.

Déanfaidh stór trádála dá dtagraítear i mír 1 a iarratas ar aitheantas mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach go léir a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis a bheidh riachtanach lena fhíorú go mbeidh an stór trádála údaraithe agus go mbeidh sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí i dtríú tír:

(a) 

atá aitheanta ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 75(1), mar thír a bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus forfheidhmithe aici;

(b) 

go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta déanta aici leis an Aontas de bhun Airteagal 75(2); agus

(c) 

go bhfuil socruithe comhair déanta aici de bhun Airteagal 75(3) lena áirithiú go mbíonn rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar gach faisnéis is gá.

Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála is iarratasóir le míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.

Foilseoidh ÚEUM liosta na stórtha trádála a bhfuil aitheantas tugtha dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.