|
+Airteagal 77 2. |
Airteagal 77 2.Déanfaidh stór trádála dá dtagraítear i mír 1 a iarratas ar aitheantas mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach go léir a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis a bheidh riachtanach lena fhíorú go mbeidh an stór trádála údaraithe agus go mbeidh sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí i dtríú tír:
(a)
atá aitheanta ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 75(1), mar thír a bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus forfheidhmithe aici;
(b)
go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta déanta aici leis an Aontas de bhun Airteagal 75(2); agus
(c)
go bhfuil socruithe comhair déanta aici de bhun Airteagal 75(3) lena áirithiú go mbíonn rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar gach faisnéis is gá. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi. Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála is iarratasóir le míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é. Foilseoidh ÚEUM liosta na stórtha trádála a bhfuil aitheantas tugtha dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|