+Airteagal 78 Ceanglais ghinearálta
---+Airteagal 78 1.
---+Airteagal 78 2.
---+Airteagal 78 3.
---+Airteagal 78 4.
---+Airteagal 78 5.
---+Airteagal 78 6.
---+Airteagal 78 7.
---+Airteagal 78 8.
---+Airteagal 78 9.
---+Airteagal 78 10.

Airteagal 78 Ceanglais ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 78 1.
Beidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, ag stór trádála, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar aon nochtadh ar fhaisnéis atá faoi rún.
Airteagal 78 2.
Déanfaidh stór trádála socruithe eagraíochtúla agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a choimeád agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a bhaineann lena bhainisteoirí, a fhostaithe nó aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leis trí dhlúthnaisc a aithint agus a bhainistiú.
Airteagal 78 3.
Cuirfidh stór trádála beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun go gcomhlíonfaidh sé féin agus a chuid bainisteoirí agus fostaithe forálacha uile an Rialacháin seo.
Airteagal 78 4.
Coinneoidh stór trádála struchtúr eagrúcháin leordhóthanach ar bun agus feidhmeoidh sé é chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach.
Airteagal 78 5.
I gcás ina dtairgfidh stór trádála seirbhísí coimhdeacha ar bith, amhail deimhniú trádála, comhoiriúnú trádála, seirbhísiú teagmhas creidmheasa, seirbhísí um réiteach punainne nó seirbhísí um chomhbhrú punainne, coimeádfaidh an stór trádála na seirbhísí coimhdeacha sin, ón taobh oibríochtúil de, ar leithligh ón bhfeidhm atá ag an stór trádála taifid de dhíorthaigh a bhailiú agus a chothabháil go lárnach.
Airteagal 78 6.
Beidh a ndóthain scileanna agus taithí ag lucht bainistíochta sinsearaí stóir thrádála agus ag comhaltaí an bhoird, agus an oiread sin dea-cháil orthu agus an oiread sin taithí acu lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála.
Airteagal 78 7.
Beidh ceanglais chuspóireacha, neamh-idirdhealaitheacha ag an stór trádála, ar ceanglais iad a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9. Tabharfaidh stór trádála rochtain neamh-idirdhealaitheach do sholáthróirí seirbhísí ar fhaisnéis atá á coimeád ag an stór trádála ar choinníoll go dtabharfaidh na contrapháirtithe ábhartha cead dó é sin a dhéanamh. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é rialú an riosca atá ann do na sonraí atá á gcothabháil ag stór trádála an aidhm atá leo.
Airteagal 78 8.
Nochtfaidh stór trádála go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo. Nochtfaidh sé na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ceadóidh sé d'eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar leithligh. Beidh na praghsanna agus na táillí a ghearrann stór trádála ag brath ar an gcostas a bhaineann leo.
Airteagal 78 9.

Cuirfidh stór trádála ar bun na nósanna imeachta agus na beartais seo a leanas:

(a) 

na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;

(b) 

nósanna imeachta chun iomláine agus cruinneas na sonraí a thuairisceofar a fhíorú;

(c) 

beartais maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile arna iarraidh sin ag na contrapháirtithe nó na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.

Airteagal 78 10.

Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:

(a) 

na nósanna imeachta le haghaidh sonraí idir stórtha trádála a réiteach;

(b) 

na nósanna imeachta a chuirfidh an stór trádála i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí atá ag déanamh na tuairiscithe agus ag an eintiteas atá ag déanamh an tíolactha agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí a tuairiscítear faoi Airteagal 9 a fhíorú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.