|
+Airteagal 78 10. |
Airteagal 78 10.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:
(a)
na nósanna imeachta le haghaidh sonraí idir stórtha trádála a réiteach;
(b)
na nósanna imeachta a chuirfidh an stór trádála i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí atá ag déanamh na tuairiscithe agus ag an eintiteas atá ag déanamh an tíolactha agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí a tuairiscítear faoi Airteagal 9 a fhíorú. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|