+Airteagal 81 3.

Airteagal 81 3.

Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas chun a chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh:

(a) 

ÚEUM;

(b) 

ÚBE;

(c) 

ÚEÁPC;

(d) 

BERS;

(e) 

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar na stórtha trádála;

(f) 

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála na gconarthaí tuairiscithe;

(g) 

comhaltaí ábhartha CEBC, lena n-áirítear BCE agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 25 ) á gcomhlíonadh aige;

(h) 

na húdaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 75;

(i) 

údaráis mhaoirseachta arna sainiú faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 );

(j) 

urrúis ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis ábhartha margaidh a gcumhdaíonn a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach conarthaí, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní foluiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(k) 

na húdaráis ábhartha de chuid tríú tíre a rinne comhaontú comhair le hÚEUM, amhail dá dtagraítear in Airteagal 76;

(l) 

an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 27 );

(m) 

na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 28 );

(n) 

an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(o) 

údaráis inniúla nó údaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Threoracha 2003/41/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE, agus údaráis mhaoirseachta de réir bhrí Threoir 2009/138/CE;

(p) 

na húdaráis inniúla arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán seo;

▼M12

(q) 

na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 76(a) ina leith;

▼M15

(r) 

na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23;

▼M18

(t) 

na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh.

Tarchuirfidh stór trádála na sonraí sin chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ( 29 ).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.