+Airteagal 82 An tarmligean a fheidhmiú
---+Airteagal 82 1.
---+Airteagal 82 2.
---+Airteagal 82 3.
---+Airteagal 82 4.
---+Airteagal 82 5.
---+Airteagal 82 6.
|
Airteagal 82 An tarmligean a fheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 82 1.
|
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 82 2.
|
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(6), Airteagal 3(5), Airteagal 4(3a), Airteagal 7a(7), Airteagal 11(3a), Airteagal 11(12a), Airteagal 25(2a), Airteagal 25(6a), Airteagal 25a(3), Airteagal 25d(3), Airteagal 25i(7), Airteagal 25o, Airteagal 64(7), Airteagal 70 agus Airteagal 72(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 24 Nollaig 2024.
|
|
Airteagal 82 3.
|
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), Airteagal 3(5), Airteagal 4(3a), Airteagal 7a(7), Airteagal 11(3a), Airteagal 11(12a), Airteagal 25(2a), Airteagal 25(6a), Airteagal 25a(3), Airteagal 25d(3), Airteagal 25i(7), Airteagal 25o, Airteagal 64(7), Airteagal 70 agus Airteagal 72(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
|
|
Airteagal 82 4.
|
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, féachfaidh an Coimisiún le dul i gcomhairle le ESMA agus le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
|
|
Airteagal 82 5.
|
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.
|
|
Airteagal 82 6.
|
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(6), Airteagal 3(5), Airteagal 4(3a), Airteagal 7a(7), Airteagal 11(3a), Airteagal 11(12a), Airteagal 25(2a), Airteagal 25(6a), Airteagal 25a(3), Airteagal 25d(3), Airteagal 25i(7), Airteagal 25o, Airteagal 64(7), Airteagal 70 nó Airteagal 72(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|