|
+Airteagal 85 3. |
Airteagal 85 3.Faoin 18 Nollaig 2020 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mheasúnófar an méid seo a leanas:
(a)
an gcruthaítear leis na hoibleagáidí chun idirbhearta a thuairisciú faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoin Rialachán seo oibleagáid tuairiscithe dúblach i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad agus an bhféadfaí tuairisciú na n-idirbheart i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad a laghdú nó a shimpliú do na contrapháirtithe go léir gan aon chaillteanas míchuí faisnéise a bheith ann;
(b)
a riachtanaí nó a oiriúnaí atá sé an oibleagáid trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
(c)
an ceart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ag cur san áireamh a mhéid a dhéantar rioscaí a mhaolú leis na trádálacha sin, go háirithe riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin, agus an bhféadfaí teacht timpeall ar an oibleagáid imréitigh nó an bhféadfadh dídhreasú maidir leis an imréiteach lárnach teacht as. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|