+Airteagal 85 10.

Airteagal 85 10.

Faoin 25 Nollaig 2027, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir leis an ngníomhaíocht fhoriomlán in idirbhearta díorthach contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir an Rialacháin seo, ina soláthraítear, inter alia, an fhaisnéis seo a leanas faoi na contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais sin, agus idirdhealú á dhéanamh idir a gcineál airgeadais nó neamhairgeadais:

(a) 

na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a d’fhéadfadh eascairt as an gcineál sin gníomhaíochta;

(b) 

na suíomhanna i ndíorthaigh tráchtearraí thar an gcuntar atá os cionn EUR 1 bhilliún, ina sonraítear méid beacht na suíomhanna lena mbaineann;

(c) 

méid iomlán na gconarthaí díorthach fuinnimh arna dtrádáil, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, idir na conarthaí díorthach fuinnimh sin arna dtrádáil a úsáidtear chun críoch fálaithe agus na conarthaí díorthach fuinnimh sin arna dtrádáil nach n-úsáidtear chun críoch fálaithe;

(d) 

méid iomlán na gconarthaí díorthach talmhaíochta arna dtrádáil, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, idir na conarthaí díorthach talmhaíochta sin arna dtrádáil a úsáidtear chun críoch fálaithe agus na cinn nach n-úsáidtear chun na críche sin;

(e) 

sciar na gconarthaí díorthach thar an gcuntar agus na gconarthaí díorthach fuinnimh nó talmhaíochta arna dtrádáil ar an malartán a shocraítear go fisiceach i dtoirt iomlán na gconarthaí díorthach fuinnimh nó na gconarthaí díorthach talmhaíochta a thrádáiltear.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.