+Article 4 Fógraí agus liosta ionstraimí airgeadais
---+Article 4 1.
---+Article 4 2.
---+Article 4 3.
---+Article 4 4.
---+Article 4 5.
|
Article 4 Fógraí agus liosta ionstraimí airgeadais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 4 1.
|
Tabharfaidh oibreoirí margaidh margaí rialáilte agus gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a fheidhmíonn MTF nó OTF fógra dá n-údarás inniúil, gan mhoill, maidir le hionad trádála aon ionstraime airgeadais a ndéantar iarraidh ar ligean isteach ar a n-ionad trádála ina leith, a ligtear isteach chun a trádála nó a thrádáiltear an chéad uair. Tabharfaidh siad fógra d’údarás inniúil an ionaid trádála freisin nuair a scoirfear d’ionstraim airgeadais a thrádáil nó nuair a scoirfear den ionstraim a ligean siteach chun a trádála mura rud é s gur eol an dáta a scoirfear den ionstraim airgeadais a thrádáil nó an dáta a scoirfear den ionstraim a ligean isteach chun a trádála agus go ndearnadh tagairt don dáta sin san fhógra, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Áireofar sna fógraí dá dtagraítear sa mhír seo, de réir mar is iomchuí, ainmneacha agus aitheantóirí na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, agus an dáta agus t-am a ndearnadh an iarraidh ar iad ligean isteach chun a dtrádála, an ligean isteach chun a dtrádála agus dáta agus am na chéad trádála. Tarchuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta chuig údarás inniúil an ionaid trádála freisin an fhaisnéis a leagtar amach sa tríú fomhír i dtaca leis na hionstraimí airgeadais a bhí ina n-ábhar d’iarraidh ar ligean isteach chun a dtrádála nó a ligeadh isteach chun a dtrádála agus a ligtear isteach fós chun a dtrádála nó a thrádáíltear ar a ndáta sin roimh 2 Iúil 2014.
|
|
Article 4 2.
|
Déanfaidh údaráis inniúla an ionaid trádála, fógra a fhaigheann siad de bhun mhír 1 a tharchur chuig ÚEUM, gan mhoill. Foilseoidh ÚEUM na fógraí sin ar a láithreán gréasáin i bhfoirm liosta, láithreach bonn ar iad a fhail. Déanfaidh ÚEUM an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta láithreach ar fhógra a fháil ó údarás inniúil an ionaid trádála. Ní dhéanfaidh an liosta raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú.
|
|
Article 4 3.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa liosta:
(a)
ainmneacha agus aitheantóirí ionstraimí airgeadais atá ina n-ábhar d’iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear den chéad uair ar mhargaí rialáilte, MTFanna agus OTFanna,;
(b)
dátaí agus amanna ag a ndearnadh na hiarrataí ar ligean isteach chun a dtrádála, an ligin isteach chun trádála nó na chéad trádálacha;
(c)
mionsonraí faoi na hionaid trádála atá ina n-ábhar d’iarraidh ar iad a ligean isteach chun a dtrádála, a ligtear isteach chun a dtrádála nó a ndearnadh na hionstraimí airgeadais a thrádáil den chéad uair orthu, inar ligeadh isteach iad den chéad uair chun a dtrádála, nó ina ndearnadh iarraidh iad a ligean isteach chun a dtrádála; agus
(d)
an dáta agus an t-am ag a scoirtear dá dtrádáil nó an dáta agus an t-am ag a scoirtear de na hionstraimí airgeadais a thrádáil nó a scoirtear dá ligean isteach chun a dtrádála.
|
|
Article 4 4.
|
Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a leagan síos:
(a)
inneachar na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1; agus
(b)
an bealach a dhéanfar agus na coinníollacha faoina ndéanfar an liosta dá dtagraítear i mír 3 a thiomsú, a fhoilsiú agus a choimeád ar bun.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (
6
).
|
|
Article 4 5.
|
Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an uainiú, an fhormáid agus an teimpléad don tarchur faoi mhír 1 agus mhír 2 a leagan síos. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|