+Airteagal 18 Liostaí de dhaoine ar an taobh istigh
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
---+Airteagal 18 9.
|
Airteagal 18 Liostaí de dhaoine ar an taobh istigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Déanfaidh eisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais an méid seo a leanas:
(a)
liosta a tharraingt suas de gach duine a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh agus atá ag obair dóibh faoi chonradh fostaíochta, nó a bhfuil cúraimí á gcomhlíonadh ar shlí eile acu trína bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh, amhail comhairleoirí, cuntasóirí nó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (liosta de dhaoine ar an taobh istigh);
(b)
an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú go pras, i gcomhréir le mír 4; agus
(c)
an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a sholáthar don údarás inniúil a luaithe is féidir arna iarraidh sin dó.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Déanfaidh eisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais gach céim réasúnach lena áirithiú go ndéanfaidh aon duine atá ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh na dualgais dhlíthiúla agus rialála atá orthu a admháil i scríbhinn agus gurb eol dóibh cad iad na smachtbhannaí is infheidhme maidir le déileáil cos istigh agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh. I gcás ina n‐iarrann an t‐eisitheoir ar dhuine eile an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas agus a nuashonrú, leanfaidh an t‐eisitheoir de bheith lánfhreagrach as an Airteagal seo a chomhlíonadh. Forchoimeádfaidh an t‐eisitheoir i gcónaí ceart rochtana ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a bheidh á tharraingt suas ar an duine eile.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, ar áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh:
(a)
céannacht aon duine a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh;
(b)
an chúis leis an duine sin a chur ar áireamh sa liosta de dhaoine ar an taobh istigh;
(c)
an dáta agus an t-am ar a bhfuair an duine sin rochtain ar fhaisnéis ón taobh istigh;
(d)
an dáta ar ar tarraingíodh suas an liosta de dhaoine ar an taobh istigh;
|
|
Airteagal 18 4.
|
Déanfaidh eisitheoirí nó aon duine atá ag gníomhú thar a gceann nó chun a gcuntais an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a nuashonrú go pras, agus dáta an nuashonraithe á shonrú, sna himthosca seo a leanas:
(a)
nuair a thagann athrú ar an gcúis atá le duine atá ar an liosta de dhaoine ar an taobh istigh cheana a áireamh ar an liosta;
(b)
nuair atá duine nua ann a bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh agus gur gá, dá bhrí sin, é a chur leis an liosta de dhaoine ar an taobh istigh; agus
(c)
nuair a scoireann duine de rochtain a bheith aige ar fhaisnéis ón taobh istigh ag duine.
Sonrófar i ngach nuashonrú an dáta agus an t‐am ar tharla an t‐athrú ba thrúig leis an nuachóiriú.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Déanfaidh eisitheoirí agus aon duine atá ag gníomhú thar a gceann agus chun a gcuntais an liosta de dhaoine ar an taobh istigh a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis é a tharraingt suas nó a nuashonrú.
|
|
Airteagal 18 6.
|
Beidh eisitheoirí ar ligeadh a gcuid ionstraimí isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM i dteideal gan ach na daoine sin a mbíonn rochtain rialta ar fhaisnéis ón taobh istigh acu, mar gheall ar nádúr a bhfeidhme nó a bpoist laistigh den eisitheoir, a áireamh ar a gcuid liostaí de dhaoine ar an taobh istigh. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, agus i gcás ina bhfuil údar leis de bharr imní shonrach náisiúnta maidir le hiomláine an mhargaidh, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar eisitheoirí a bhfuil a n-ionstraimí airgeadais ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM a áireamh ina liostaí de dhaoine ar an taobh istigh gach aon duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Soláthrófar na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo don údarás inniúil a luaithe is féidir arna iarraidh sin dó.
|
|
Airteagal 18 7.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i gcás ionstraime arna trádáil ar MTF nó ar OTF amháin, maidir le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar MTF i mBallstát.
|
|
Airteagal 18 8.
|
Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 den Airteagal seo freisin maidir le:
(a)
rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochta i ndáil le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le lamháltais astaíochta a thagann chun cinn i dtaca le hoibríochtaí fisiceacha an rannpháirtí sin sa mhargadh lamháltas astaíochta.
(b)
haon ardán ceant, le haon cheantálaí agus le haon fhairtheoir ceant i ndáil le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile atá bunaithe orthu agus ar ceantanna iad a dhéantar de bhun Rialachán (AE) (Uimh.) 1031/2010.
|
|
Airteagal 18 9.
|
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le formáid mhaolaithe na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh le haghaidh na n-eisitheoirí a ligtear isteach chun a dtrádála ar na margaí fáis FBManna chun úsáid na formáide sin a leathnú chuig gach liosta de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 6, an chéad fhomhír agus an dara fomhír. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Meán Fómhair 2025. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|