|
+Airteagal 19 1a. |
Airteagal 19 1a.An oibleagáid fógartha dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aici maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais atá nasctha le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina gcomhlíontar, tráth an idirbhirt, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de na sócmhainní arna sealbhú ag an ngnóthas comhinfheistíochta;
(b)
go soláthraíonn an ionstraim airgeadais neamhchosaint ar phunann sócmhainní ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de shócmhainní na punainne;
(c)
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn sí neamhchosaint ar phunann sócmhainní agus nach feasach don duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó do dhuine atá i ndlúthchomhlachas le duine den sórt sin, agus nach bhféadfadh sé go mbeadh fios acu, cad é comhdhéanamh nó neamhchosaint infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta sin nó na punainne sócmhainní a mhéid a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora, agus thairis sin nach bhfuil aon chúis ann chun go gcreidfeadh an duine sin go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora níos airde ná na tairseacha i bpointe (a) nó i bpointe (b). Má tá faisnéis maidir le comhdhéanamh infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta nó maidir le neamhchosaint na punainne sócmhainní ar fáil, ansin déanfaidh an duine ar a bhfuil an fhreagracht bhainistíochta nó duine atá i ndlúthchomhlachas leis an duine sin gach dícheall réasúnach an fhaisnéis sin a fháil iad féin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|