+Airteagal 19 Idirbhearta bainisteoirí
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 1a.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
---+Airteagal 19 9.
---+Airteagal 19 10.
---+Airteagal 19 11.
---+Airteagal 19 12.
---+Airteagal 19 12a.
---+Airteagal 19 13.
---+Airteagal 19 14.
---+Airteagal 19 15.
|
Airteagal 19 Idirbhearta bainisteoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta, mar aon le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo, tabharfaidh siad fógra don eisitheoir nó don rannpháirtí sa mhargadh liúntas astaíochta agus don údarás inniúil dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 á rá:
(a)
i leith eisitheoirí, maidir le gach idirbheart a dhéantar chun a gcuntais féin agus a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora sin, nó le díorthaigh nó le hionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo,
(b)
i leith rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, maidir le gach idirbheart a dhéantar ar a gcuntas féin a bhaineann le lamháltas astaíochtaí nó le táirgí ceant atá bunaithe orthu nó le dhíorthaigh a bhaineann leo.
Déanfar na fógraí sin go pras agus ag tráth nach déanaí ná trí lá gnó i ndiaidh dháta an idirbhirt. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír a thúisce agus a shroichfidh méid iomlán na n-idirbheart an tairseach a leagtar amach i mír 8, de réir mar is infheidhme laistigh de bhliain féilire.
|
|
Airteagal 19 1a.
|
An oibleagáid fógartha dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aici maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais atá nasctha le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina gcomhlíontar, tráth an idirbhirt, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de na sócmhainní arna sealbhú ag an ngnóthas comhinfheistíochta;
(b)
go soláthraíonn an ionstraim airgeadais neamhchosaint ar phunann sócmhainní ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de shócmhainní na punainne;
(c)
gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn sí neamhchosaint ar phunann sócmhainní agus nach feasach don duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó do dhuine atá i ndlúthchomhlachas le duine den sórt sin, agus nach bhféadfadh sé go mbeadh fios acu, cad é comhdhéanamh nó neamhchosaint infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta sin nó na punainne sócmhainní a mhéid a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora, agus thairis sin nach bhfuil aon chúis ann chun go gcreidfeadh an duine sin go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora níos airde ná na tairseacha i bpointe (a) nó i bpointe (b).
Má tá faisnéis maidir le comhdhéanamh infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta nó maidir le neamhchosaint na punainne sócmhainní ar fáil, ansin déanfaidh an duine ar a bhfuil an fhreagracht bhainistíochta nó duine atá i ndlúthchomhlachas leis an duine sin gach dícheall réasúnach an fhaisnéis sin a fháil iad féin.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Chun críocha mhír 1, agus gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh d’oibleagáidí fógartha seachas iad sin dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 thuas fógra do na húdaráis inniúla i dtaobh gach idirbheart a dhéantar a sheoladh ar a gcuntas féin. Maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le fógraí a mbeidh ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 iad a chomhlíonadh, is iad na rialacha iad a bheidh i réim sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí cláraithe. Déanfar fógraí le húdarás inniúil an Bhallstáit sin laistigh de thrí lá oibre ó dháta an idirbhirt. Nuair nach bhfuil an t-eisitheoir cláraithe i mBallstát, déanfar an fógra le húdarás inniúil an Bhallstáit bhaile i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(i) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó murarb ann dó, chuig údarás inniúil an ionaid trádála.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Tar éis fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, beidh dhá lá gnó ag an eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí chun an fhaisnéis atá i bhfógra dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go poiblí. Bainfidh an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí úsáid as na meáin sin ar féidir brath go réasúnach orthu chun an fhaisnéis a scaipeadh go héifeachtach ar an bpobal ar fud an Aontais, agus, i gcás inarb infheidhme, bainfidh sé úsáid as an sásra atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir 2004/109/CE. De rogha air sin, féadfar a fhoráil sa dlí náisiúnta go bhféadfaidh údarás inniúil é féin an fhaisnéis a phoibliú.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí:
(a)
a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;nó
(b)
i gcás ionstraime arna trádáil ar MTF nó ar OTF amháin, le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar MTF.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Tabharfaidh eisitheoirí agus rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí fógra is scríbhinn faoina n-oibleagáidí faoin airteagal seo do na daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh den eisitheoir sin. Déanfaidh eisitheoirí agus rannpháirtitheí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí liosta a tharraingt suas de na daoine go léir a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta agus de na daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo. Déanfaidh daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta fógra i scríbhinn a thabhairt do na daoine a bhfuil a bhfuil dlúthbhaint acu leo maidir lena n-oibleagáidí faoin Airteagal seo agus coinneoidh siad cóip den fhógra sin.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Maidir le fógra d’idirbhearta dá dtagraítear i mír 1, beidh ann an fhaisnéis seo a leanas:
(b)
an chúis go bhfuil fógra á thabhairt;
(c)
ainm an eisitheora ábhartha nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;
(d)
tuairisc agus sainaithinteoir na hionstraime airgeadais;
(e)
an cineál idirbhirt/idirbheart (e.g. éadáil nó diúscairt), á léiriú cibé an bhfuil sé nasctha le feidhmiú cláir scair-rogha nó leis na samplaí sonracha a leagtar amach i mír 7;
(f)
dáta agus áit an idirbhirt/na n-idirbheart; agus
(g)
praghas agus toirt an idirbhirt/na n-idirbheart. I gcás gealltáin a bhforálann a théarmaí go n-athródh a luach, ba cheart é sin a nochtadh in éineacht lena luach ag dáta an ghealltáin.
|
|
Airteagal 19 7.
|
Chun críocha mhír 1, áireofar freisin le hidirbhearta nach mór fógra a thabhairt ina leith:
(a)
ionstraimí airgeadais a ghealladh nó a thabhairt ar iasacht ag duine nó thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin amhail dá dtagraítear i mír 1;
(b)
idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta ar bhonn gairmiúil nó ag aon duine eile thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear i gcás ina bhfeidhmítear lánrogha;
(c)
idirbhearta a dhéantar faoi pholasaí árachais saoil, arna shainiú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), más rud é:
(i)
gur duine é an sealbhóir polasaí a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó gur duine é a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1,
(ii)
gurb é an sealbhóir polasaí a bheireann an riosca infheistíochta, agus
(iii)
go bhfuil an chumhacht nó an lánrogha ag an sealbhóir polasaí cinntí infheistíochta a dhéanamh maidir le hionstraimí sonracha sa pholasaí árachais saoil sin nó idirbhearta a fhorghníomhú maidir le hionstraimí sonracha don pholasaí árachais saoil sin.
Chun críocha phointe (a), ní gá gealladh urrús, nó leas slándála comhchosúil, i dtaca le hionstraimí airgeadais a thaisceadh i gcuntas cumhdaigh a fhógairt, mura rud é, agus go dtí an tráth sin, go ndéantar an gealltán sin nó an leas urrúis eile a ainmniú mar urrús ar shaoráid chreidmheasa shonrach. Chun críocha phointe (b), idirbhearta a fhorghníomhaítear i scaireanna nó in ionstraimí fiachais de chuid eisitheora nó i ndíorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo ag bainisteoirí gnóthais comhinfheistíochta ina bhfuil infheistiú déanta ag an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ag duine atá i ndlúthchomhlachas leis, ní gá iad a fhógairt sa chás ina bhfuil bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta ag feidhmiú dá lánrogha agus gur rud é sin a fhágann nach bhfuil an bainisteoir ag fáil aon teagaisc ná moltaí, go díreach nó go hindíreach ó infheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta sin, i dtaobh chomhdhéanamh na punainne. A mhéid is go gceanglaítear ar shealbhóir polasaí conartha árachais fógra a thabhairt i dtaobh idirbhearta i gcomhréir leis an mír seo, níl oibleagáid fógra a thabhairt de chúram ar chuideachta árachais.
|
|
Airteagal 19 8.
|
Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon idirbheart ina dhiaidh sin a thúisce a bheidh méid iomlán de EUR 20 000 sroichte laistigh de bhliain féilire. Déanfar an tairseach EUR 20 000 a ríomh trí na hidirbhearta uile dá dtagraítear i mír 1 a shuimiú d’uireasa glanluachála.
|
|
Airteagal 19 9.
|
Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh an tairseach a leagtar amach i mír 8 a mhéadú go EUR 50 000 nó í a laghdú go EUR 10 000 agus cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoina chinneadh agus faoin údar lena chinneadh, agus tagairt shonrach á déanamh do dhálaí an mhargaidh, chun an tairseach níos airde nó níos ísle a ghlacadh sula gcuirfear i bhfeidhm é. Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin an liosta de na tairseacha a bhfuil feidhm acu i gcomhréir leis an Airteagal seo mar aon leis na réasúnuithe do na tairseacha sin a bheidh soláthartha ag na húdaráis inniúla.
|
|
Airteagal 19 10.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hidirbhearta a dhéanann daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh de rannpháirtithe sa mhargadh lámháltas astaíochta, aon ardán ceant, aon cheantálaí agus aon fhairtheoir ceant a bhíonn páirteach i gceantanna a dhéantar faoi Rialachán (AE) (Uimh.) 1031/2010 agus maidir le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu le daoine den sórt sin a mhéid go mbaineann a gcuid idirbheart le lamháltais astaíochta, le díorthaigh de na lamháltais sin nó le táirgí ceantáilte atá bunaithe ar na lamháltais sin. Tabharfaidh na daoine sin fógra do na hardáin ceant, do na ceantálaithe agus don fhairtheoir ceant, agus don údarás inniúil a bhfuil an t-ardán ceant, an ceantalaí nó an fairtheoir ceant cláraithe, de réir mar is infheidhme. Maidir leis an bhfaisnéis ar tugadh fógra ina leith, déanfar í a phoibliú ag na hardáin ceant, na ceantalaithe, an fairtheoir ceant cláraithe nó an t-údarás inniúil i gcomhréir le mír 3.
|
|
Airteagal 19 11.
|
Gan dochar d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15, ní sheolfaidh aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh d’eisitheoir aon idirbhearta ar a chuntas féin ná ar chuntas tríú páirtí, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, ar trádáil í a bhaineann le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora nó le díorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo, le linn tréimhse dúnta de 30 lá féilire roimh fhógairt tuarascála airgeadais eatramhaigh nó tuarascála ceann bliana a bhfuil sé d’oibleagáid ar an eisitheoir a phoibliú de réir
(a)
rialacha an ionaid trádála ina bhfuil scaireanna an eisitheora ligthe isteach chun a dtrádála; nó
|
|
Airteagal 19 12.
|
Gan dochar d’Airteagail 14 agus 15, féadfaidh eisitheoir a cheadú do dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh de trádáil nó idirbhearta a dhéanamh ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí le linn tréimhse dhúnta dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo:
(a)
de réir an cháis mar gheall ar imthosca eisceachtúla, amhail deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais, a bheith ann lena gceanglaítear go ndéanfaí scaireanna nó ionstraimí airgeadais seachas scaireanna a dhíol láithreach; nó
(b)
mar gheall ar shaintréithe na trádála atá i gceist maidir le hidirbhearta a dhéantar faoi, nó a bhaineann le, scéim scaireanna nó coigiltis d’fhostaithe agus scéimeanna fostaithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais seachas scaireanna, cáilíocht nó teidlíocht scaireanna agus cáilíochtaí nó teidlíochtaí ionstraimí airgeadais seachas scaireanna, nó idirbhearta i gcás nach n-athraíonn an leas tairbhiúil san urrús ábhartha;
|
|
Airteagal 19 12a.
|
Gan dochar d’Airteagail 14 agus 15, ceadóidh eisitheoir do dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh de trádáil nó idirbhearta a dhéanamh ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí le linn tréimhse dhúnta dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo, i gcás idirbhearta nó gníomhaíochtaí trádála nach mbaineann le cinntí infheistíochta gníomhacha a dhéanann an duine a bhfuil freagrachtaí bainistíochta á gcomhlíonadh aige nó a eascraíonn go heisiach as tosca seachtracha nó as gníomhaíochtaí tríú páirtithe, nó ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí trádála iad, lena n-áirítear feidhmiú díorthach, bunaithe ar théarmaí réamhshocraithe.
|
|
Airteagal 19 13.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonrófar na himthosca faoina bhféadfaidh an t-eisitheoir trádáil le linn tréimhse dúnta a cheadú, amhail dá dtagraítear i mír 12, lena n-áirítear na himthosca a mheasfaí a bheith eisceachtúil agus na cineálacha idirbheart a thabharfadh údar maith an trádáil a cheadú.
|
|
Airteagal 19 14.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonraítear cineálacha na n-idirbheart lena ndéanfaí an dualgas dá dtagraítear i mír 2 a ghníomhachtú.
|
|
Airteagal 19 15.
|
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir leis an bhformáid agus an teimpléad ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le tabhairt i bhfógra agus le poibliú. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|