|
+Airteagal 19 6. |
Airteagal 19 6.Maidir le fógra d’idirbhearta dá dtagraítear i mír 1, beidh ann an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
ainm an duine;
(b)
an chúis go bhfuil fógra á thabhairt;
(c)
ainm an eisitheora ábhartha nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;
(d)
tuairisc agus sainaithinteoir na hionstraime airgeadais;
(e)
an cineál idirbhirt/idirbheart (e.g. éadáil nó diúscairt), á léiriú cibé an bhfuil sé nasctha le feidhmiú cláir scair-rogha nó leis na samplaí sonracha a leagtar amach i mír 7;
(f)
dáta agus áit an idirbhirt/na n-idirbheart; agus
(g)
praghas agus toirt an idirbhirt/na n-idirbheart. I gcás gealltáin a bhforálann a théarmaí go n-athródh a luach, ba cheart é sin a nochtadh in éineacht lena luach ag dáta an ghealltáin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|