|
+Airteagal 19 7. |
Airteagal 19 7.Chun críocha mhír 1, áireofar freisin le hidirbhearta nach mór fógra a thabhairt ina leith:
(a)
ionstraimí airgeadais a ghealladh nó a thabhairt ar iasacht ag duine nó thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin amhail dá dtagraítear i mír 1;
(b)
idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta ar bhonn gairmiúil nó ag aon duine eile thar ceann duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear i gcás ina bhfeidhmítear lánrogha;
(c)
idirbhearta a dhéantar faoi pholasaí árachais saoil, arna shainiú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), más rud é:
(i)
gur duine é an sealbhóir polasaí a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó gur duine é a bhfuil dlúthbhaint aige le duine den sórt sin, amhail dá dtagraítear i mír 1,
(ii)
gurb é an sealbhóir polasaí a bheireann an riosca infheistíochta, agus
(iii)
go bhfuil an chumhacht nó an lánrogha ag an sealbhóir polasaí cinntí infheistíochta a dhéanamh maidir le hionstraimí sonracha sa pholasaí árachais saoil sin nó idirbhearta a fhorghníomhú maidir le hionstraimí sonracha don pholasaí árachais saoil sin. Chun críocha phointe (a), ní gá gealladh urrús, nó leas slándála comhchosúil, i dtaca le hionstraimí airgeadais a thaisceadh i gcuntas cumhdaigh a fhógairt, mura rud é, agus go dtí an tráth sin, go ndéantar an gealltán sin nó an leas urrúis eile a ainmniú mar urrús ar shaoráid chreidmheasa shonrach. Chun críocha phointe (b), idirbhearta a fhorghníomhaítear i scaireanna nó in ionstraimí fiachais de chuid eisitheora nó i ndíorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo ag bainisteoirí gnóthais comhinfheistíochta ina bhfuil infheistiú déanta ag an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ag duine atá i ndlúthchomhlachas leis, ní gá iad a fhógairt sa chás ina bhfuil bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta ag feidhmiú dá lánrogha agus gur rud é sin a fhágann nach bhfuil an bainisteoir ag fáil aon teagaisc ná moltaí, go díreach nó go hindíreach ó infheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta sin, i dtaobh chomhdhéanamh na punainne. A mhéid is go gceanglaítear ar shealbhóir polasaí conartha árachais fógra a thabhairt i dtaobh idirbhearta i gcomhréir leis an mír seo, níl oibleagáid fógra a thabhairt de chúram ar chuideachta árachais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|