|
+Airteagal 19 12. |
Airteagal 19 12.Gan dochar d’Airteagail 14 agus 15, féadfaidh eisitheoir a cheadú do dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh de trádáil nó idirbhearta a dhéanamh ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí le linn tréimhse dhúnta dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo:
(a)
de réir an cháis mar gheall ar imthosca eisceachtúla, amhail deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais, a bheith ann lena gceanglaítear go ndéanfaí scaireanna nó ionstraimí airgeadais seachas scaireanna a dhíol láithreach; nó
(b)
mar gheall ar shaintréithe na trádála atá i gceist maidir le hidirbhearta a dhéantar faoi, nó a bhaineann le, scéim scaireanna nó coigiltis d’fhostaithe agus scéimeanna fostaithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais seachas scaireanna, cáilíocht nó teidlíocht scaireanna agus cáilíochtaí nó teidlíochtaí ionstraimí airgeadais seachas scaireanna, nó idirbhearta i gcás nach n-athraíonn an leas tairbhiúil san urrús ábhartha; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|