|
+Airteagal 25 8. |
Airteagal 25 8.Comhoibreoidh údaráis inniúla le húdaráis rialála náisiúnta agus tríú tíre ábhartha atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, agus malartóidh siad faisnéis eatarthu, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun a bheith in amhras go bhfuil gníomhartha á ndéanamh, nó go bhfuil gníomhartha déanta, arb ionann iad agus déileáil chos istigh, nochtadh míchuí faisnéise agus cúbláil mhargaidh de shárú ar an Rialachán seo. Áiritheofar le comhar den sórt sin forbhreathnú comhdhlúite ar na margaí airgeadais agus ar na spotmhargaí, agus braithfidh sé drochúsáidí trasmhargaidh agus trasteorann, agus forchuirfidh sé pionóis i ndáil leis na drochúsáidí sin. Maidir le lamháltais astaíochtaí, áiritheofar an comhar agus an malartú faisnéise dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír seo leis an méid seo a leanas freisin:
(a)
faireachán an cheant, maidir le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile ceantáilte atá bunaithe orthu a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010; agus
(b)
údaráis inniúla, riarthóirí clárlainne, lena n-áirítear an Riarthóir Lárnach, agus comhlachtaí poiblí eile a dtugtar freagracht dóibh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh faoi Threoir 2003/87/CE. Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordúcháin maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha. Déanfaidh údaráis inniúla, in aon chás inar féidir, socruithe comhair a chur i gcrích le húdaráis rialála tríú tíre atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, i gcomhréir le hAirteagal 26. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|