+Airteagal 25 Oibleagáid comhair
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 1a.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.
---+Airteagal 25 9.
|
Airteagal 25 Oibleagáid comhair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile agus le ÚEUM sna cásanna sin inar gá chun críocha an Rialacháin seo, mura rud é go bhfuil feidhm ag ceann de na heisceachtaí i mír 2. Tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus do ÚEUM. Go háirithe, malartóidh siad faisnéis, gan aon mhoill mhíchuí, agus comhoibreoidh siad i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forghníomhaithe. Beidh feidhm freisin ag an oibleagáid chun comhoibriú agus chun cúnamh a thabhairt a leagtar síos sa chéad mhír maidir leis an gCoimisiún i ndáil leis an malartú faisnéise a bhaineann le tráchtearraí atá ina dtáirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe Airteagal 35 de. I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 30(1), an dara fomhír, pionóis coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo dá dtagraítear san Airteagal sin, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ann agus soláthróidh siad an méid sin d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM chun an oibleagáid atá orthu comhoibriú le chéile agus le ÚEUM a chomhlíonadh chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 25 1a.
|
Déanfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil amháin ar a laghad, an comhar agus an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha a éascú agus a chomhordú. Nuair a bheidh údar maith leis sin de bharr chineál an cháis, agus arna iarraidh sin don údarás inniúil, rannchuideoidh ÚEUM leis an imscrúdú a dhéanfaidh an t-údarás inniúil ar an gcás.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarrata ar fhaisnéis nó de bhun iarrata comhoibriú le himscrúdú sna himthosca eisceachtúla seo a leanas:
(a)
d’fhéadfadh cumarsáid d’fhaisnéis ábhartha dochar a dhéanamh do shlándáil an Bhallstáit a ndírítear an iarraidh chuige, go háirithe an comhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile;
(b)
dá gcomhlíonfaí an iarraidh, is dóchúil go ndéanfadh sé dochar dá imscrúdú féin, dá ghníomhaíochtaí forghníomhaithe féin nó, i gcás inarb infheidhme, d’imscrúdú coiriúil;
(c)
tá imeachtaí breithiúnacha tionscanta cheana féin os comhair údaráis na mBallstát a ndírítear an iarraidh chucu i leith na ngníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna; nó
(d)
tá breithiúnas críochnaitheach tugtha cheana féin i ndáil leis na daoine sin as na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát a ndírítear an iarraidh chuige.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
) agus le húdaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena áirithiú go nglacfar cur chuige atá comhordaithe maidir le forghníomhú na rialacha ábhartha i gcás ina mbaineann idirbhearta, orduithe chun trádála nó gníomhaíochtaí nó iompraíochtaí eile le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó lena bhfuil feidhm ag an Rialachán seo agus le táirge fuinnimh mórdhíola amháin nó níos mó lena bhfuil feidhm ag Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011. Breithneoidh údaráis inniúla saintréithe sonracha na sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus forálacha Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 nuair a chuirfidh siad Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 12 den Rialachán seo i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais a bhaineann le táirgí fuinnimh mórdhíola.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Déanfaidh údaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, aon fhaisnéis atá ag teastáil chun na críche dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar gan mhoill.
|
|
Airteagal 25 5.
|
I gcás inar deimhin le húdarás inniúil go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d’fhorálacha an Rialacháin seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch Ballstáit eile, nó gníomhaíochtaí a dhéanann difear d’ionstraimí airgeadais arna dtrádáil ar ionad trádála atá suite i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin sa tslí is sonraí agus is féidir d’údarás inniúil an Bhallstáit eile agus do ÚEUM agus, maidir le táirgí fuinnimh mórdhíola, do ACER. Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus le ÚEUM agus, i ndáil le táirgí mórdhíola fuinnimh, le ACER, ar an ngníomhaíocht iomchuí atá le déanamh agus cuirfidh siad forbairtí eatramhacha suntasacha in iúl dá chéile. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht, chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus pionóis agus fíneálacha riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcur i bhfeidhm i ndáil leis na cásanna trasteorann sin i gcomhréir le hAirteagal 30 agus le hAirteagal 31, agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile i bhforghníomhú a gcinntí.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Féadfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair. Féadfaidh údarás inniúil iarrthach ÚEUM a chur ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó cigireachta a bhfuil éifeacht trasteorann leis nó léi, déanfaidh ÚEUM an t-imscrúdú nó an chigireacht a chomhordú má iarrann ceann de na húdaráis inniúla air é sin a dhéanamh. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil i mBallstát eile chun tabhairt faoi chigireacht nó imscrúdú ar an láthair, féadfaidh sé ceann ar bith díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a)
tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair as a stuaim féin;
(b)
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;
(c)
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an iarraidh tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair as a stuaim féin;
(d)
iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh le tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;
(e)
cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.
Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile freisin maidir le forfheidhmiú ghnóthú na bpionós airgid a éascú.
|
|
Airteagal 25 7.
|
Gan dochar d’Airteagal 258 CFAE, féadfaidh údarás inniúil, nach ndéantar beart ar a iarraidh ar fhaisnéis nó ar chúnamh i gcomhréir le míreanna 1, 3, 4 agus 5 laistigh d’achar réasúnta ama nó a ndiúltaítear dá iarraidh ar fhaisnéis nó ar chúnamh, an diúltú sin nó an t-easnamh gníomhaíochta sin a tharchur chuig ÚEUM laistigh d’achar réasúnach ama. Sna cásanna sin, féadfaidh ÚEUM gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, gan dochar don fhéidearthacht go ngníomhódh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 25 8.
|
Comhoibreoidh údaráis inniúla le húdaráis rialála náisiúnta agus tríú tíre ábhartha atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, agus malartóidh siad faisnéis eatarthu, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun a bheith in amhras go bhfuil gníomhartha á ndéanamh, nó go bhfuil gníomhartha déanta, arb ionann iad agus déileáil chos istigh, nochtadh míchuí faisnéise agus cúbláil mhargaidh de shárú ar an Rialachán seo. Áiritheofar le comhar den sórt sin forbhreathnú comhdhlúite ar na margaí airgeadais agus ar na spotmhargaí, agus braithfidh sé drochúsáidí trasmhargaidh agus trasteorann, agus forchuirfidh sé pionóis i ndáil leis na drochúsáidí sin. Maidir le lamháltais astaíochtaí, áiritheofar an comhar agus an malartú faisnéise dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír seo leis an méid seo a leanas freisin:
(a)
faireachán an cheant, maidir le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile ceantáilte atá bunaithe orthu a dhéantar de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010; agus
(b)
údaráis inniúla, riarthóirí clárlainne, lena n-áirítear an Riarthóir Lárnach, agus comhlachtaí poiblí eile a dtugtar freagracht dóibh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh faoi Threoir 2003/87/CE.
Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordúcháin maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha. Déanfaidh údaráis inniúla, in aon chás inar féidir, socruithe comhair a chur i gcrích le húdaráis rialála tríú tíre atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, i gcomhréir le hAirteagal 26.
|
|
Airteagal 25 9.
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Airteagail seo, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise agus cúnamh dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|