+Airteagal 25a Sásra chun sonraí ordaithe a mhalartú
---+Airteagal 25a 1.
---+Airteagal 25a 2.
---+Airteagal 25a 3.
---+Airteagal 25a 4.
---+Airteagal 25a 5.
---+Airteagal 25a 6.
---+Airteagal 25a 7.
---+Airteagal 25a 8.
---+Airteagal 25a 9.

Airteagal 25a Sásra chun sonraí ordaithe a mhalartú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25a 1.
Déanfaidh údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála a bhfuil gné shuntasach thrasteorann ag baint leo, faoin 5 Meitheamh 2026, sásra a chur ar bun chun gur féidir sonraí ordaithe maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a mhalartú go leanúnach agus go tráthúil, ar sonraí iad a bhailítear ó na hionaid trádála sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Féadfaidh na húdaráis inniúla cur ar bun an tsásra a tharmligean chuig ÚEUM.

I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil iarraidh ar shonraí isteach faoi mhír 4, iarrfaidh an t-údarás inniúil iarrtha na sonraí sin ar an ionad trádála ábhartha ar bhealach tráthúil agus tráth nach déanaí ná 4 lá oibre ó dháta na hiarrata. Cuirfear na sonraí arna n-iarraidh ar fáil don údarás inniúil a chuir an chéad iarraidh isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an spriocdháta a chinntear i mír 6, pointe (c).

Déanfar malartú leanúnach tráthúil na sonraí ordaithe maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 4, pointí (b) agus (c), a chur i bhfeidhm tríd an sásra a chuirtear ar bun de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo faoin 5 Meitheamh 2028.

Airteagal 25a 2.
Déanfaidh an t-ionad trádála ábhartha socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choimeád ar bun chun gur féidir sonraí ordaithe a mhalartú go leanúnach agus go tráthúil faoin 5 Meitheamh 2026.
Airteagal 25a 3.
Féadfar an iarraidh ar shonraí ordaithe leanúnacha ó údarás inniúil a thíolacadh le haghaidh sraith ionstraimí airgeadais shonrach.
Airteagal 25a 4.

Féadfaidh údarás inniúil sonraí ordaithe a fháil de thionscnamh ionaid trádála lena mbaineann gné shuntasach thrasteorann nuair is é an t-údarás inniúil sin údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus nuair a d’fhéadfadh na sonraí sin a bheith ábhartha le haghaidh ghníomhaíochtaí maoirseachta an údaráis sin le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a) 

scaireanna;

(b) 

bannaí;

(c) 

todhchaíochtaí.

Airteagal 25a 5.
Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhfuil a údarás inniúil rannpháirteach sa sásra arna chur ar bun de bhun mhír 1 fiú mura mbeidh gné shuntasach thrasteorann ag baint le haon cheann de na hionaid trádála faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil sin. Cuirfear an cinneadh sin in iúl do ÚEUM agus cuirfidh ÚEUM ar fáil ar a shuíomh gréasáin é.

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cinneadh de bhun na chéad fhomhíre, comhlíonfaidh an Ballstát sin agus a údarás inniúil an tAirteagal seo.

Airteagal 25a 6.

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme:

(a) 

chun an sásra iomchuí a shonrú chun sonraí ordaithe a mhalartú agus, go háirithe, chun na socruithe oibríochtúla a leagan síos chun tarchur tapa faisnéise idir údaráis inniúla a áirithiú;

(b) 

chun socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí a chinneadh ionas go gcomhlíonfaidh ionaid trádála mír 1, an dara fomhír; agus

(c) 

chun an fhormáid agus an spriocdháta a chinneadh chun na sonraí arna n-iarraidh i mír 1, an dara fomhír, a sholáthar gan mhoill.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Meán Fómhair 2025.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 25a 7.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun liosta a bhunú d’ionaid trádála ainmnithe lena mbaineann gné shuntasach thrasteorann maidir le maoirseacht a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh tríd an méid seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais:

(a) 

an méid trádála ar an ionad trádála; agus

(b) 

an méid trádála ar an ionad trádála sin in ionstraimí airgeadais a bhfuil údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 éagsúil le húdarás inniúil an ionaid trádála ina leith.

Maidir le scaireanna, déanfar an critéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a thomhas mar láimhdeachas i scaireanna arna gcomhiomlánú ar leibhéal an ionaid trádála, agus ní bheidh sé faoi bhun EUR 100 billiún in aghaidh na bliana in aon cheann de na 4 bliana dheireanacha. Déanfar an critéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a shainmhíniú mar an cóimheas idir an láimhdeachas i scaireanna a bhfuil údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 éagsúil le húdarás inniúil an ionaid trádála agus an láimhdeachas iomlán sna scaireanna uile a thrádáiltear ar an ionad sin in aon bhliain amháin. Ní bheidh an cóimheas sin faoi bhun 50 %.

Airteagal 25a 8.
Faoin 5 Nollaig 2027, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an tsásra a chuirtear ar bun de bhun mhír 1.

Cumhdófar sa tuarascáil sin ar a laghad na nithe seo a leanas:

(a) 

tuairisc ar na dúshláin theicniúla a bhí roimh ionaid trádála, na húdaráis inniúla agus ÚEUM le linn chur chun feidhme an tsásra le haghaidh scaireanna;

(b) 

na costais arna dtabhú ag na húdaráis inniúla agus ag ÚEUM agus an sásra le haghaidh scaireanna á chur ar bun;

(c) 

feidhmiú na dtairseach dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír.

Áireofar sa tuarascáil anailís costais is tairbhe a bhaineann le forbairt an tsásra a chuirtear ar bun de bhun mhír 1 amach anseo maidir le hionstraimí airgeadais ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann a áireamh ina raon feidhme, lena n-áirítear bannaí agus todhcaíochtaí. Áireofar sa tuarascáil freisin moltaí maidir leis an raon feidhme a leathnú chuig na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 4, agus an breisluach, na dúshláin theicniúla agus na costais ionchasacha á gcur san áireamh.

Airteagal 25a 9.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun míreanna 4 agus 7 den Airteagal a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar na hionstraimí airgeadais agus an liosta d’ionaid trádála ainmnithe lena mbaineann gné shuntasach thrasteorann, agus lena leasaítear mír 1, an tríú fomhír, chun leathnú an tsásra a chuirtear ar bun de bhun mhír 1 chuig bannaí agus todhchaíochtaí a chur siar, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, na forbairtí sna margaí airgeadais agus acmhainneacht na n-údarás inniúil na sonraí maidir leis na hionstraimí airgeadais sin a phróiseáil á gcur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.