|
+Airteagal 31 1. |
Airteagal 31 1.Áiritheoidh na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu ar an gcineál agus ar an leibhéal smachtbhannaí riaracháin, go gcuirfidh údaráis inniúla gach cúinse ábhartha san áireamh, chun smachtbhannaí comhréireacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí:
(a)
tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(c)
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil pearsanta an duine nádúrtha;
(d)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(e)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(f)
sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;
(g)
bearta arna nglacadh ag an duine atá freagrach as an sárú chun a áirithiú nach dtarlaíonn an sárú sin arís; agus
(h)
an míbhuntáiste don duine atá freagrach as an sárú a tháinig as dúbláil imeachtaí coiriúla agus riaracháin agus pionóis i leith an iompair chéanna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|