+Airteagal 3b Faisnéis a tharchur
---+Airteagal 3b 1.
---+Airteagal 3b 2.
---+Airteagal 3b 3.
---+Airteagal 3b 4.
---+Airteagal 3b 5.
---+Airteagal 3b 6.
|
Airteagal 3b Faisnéis a tharchur
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3b 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-éileofar ar na hidirghabhálaithe an fhaisnéis seo a leanas a tharchur gan mhoill ón gcuideachta chuig na scairshealbhóirí nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an scairshealbhóir:
(a)
an fhaisnéis nach mór don chuideachta a chur ar fáil don scairshealbhóir, ionas gur féidir leis an scairshealbhóir na cearta a eascraíonn óna chuid scaireanna a fheidhmiú, agus, atá dírithe ar na scairshealbhóirí ar fad a bhfuil scaireanna den aicme sin acu, nó
(b)
i gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil do scairshealbhóirí ar shuíomh gréasáin na cuideachta, fógra ina gcuirtear in iúl an áit ar an suíomh gréasáin ar féidir teacht ar an bhfaisnéis sin ar shuíomh gréasáin na cuideachta.
|
|
Airteagal 3b 2.
|
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin a sholáthar d’idirghabhálaithe ar bhealach caighdeánaithe agus tráthúil.
|
|
Airteagal 3b 3.
|
Mar sin féin ní éileoidh Ballstáit go ndéanfaí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír nó an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin a sholáthar agus a sheachadadh chuig idirghabhálaithe nuair a sheolfaidh cuideachtaí an fhaisnéis nó an fógra sin go díreach chuig a scairshealbhóirí ar fad, nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag na scairshealbhóirí.
|
|
Airteagal 3b 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar idirghabhálaithe an fhaisnéis a gheofar ó na scairshealbhóirí a bhaineann le feidhmiú na gceart a eascraíonn óna scaireanna a tharchur gan mhoill chuig an gcuideachta, i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ó na scairshealbhóirí.
|
|
Airteagal 3b 5.
|
I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra idirghabhálaithe, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 a tharchur idir idirghabhálaithe gan mhoill, ach amháin murar féidir leis an idirghabhálaí an fhaisnéis a tharchur go díreach chuig an gcuideachta nó chuig an scairshealbhóir nó,, chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an scairshealbhóir.
|
|
Airteagal 3b 6.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na ceanglais íosta a shainiú chun an fhaisnéis a tharchur a leagtar síos i mír 1 go mír 5 den Airteagal seo maidir le cineálacha agus formáid na faisnéise atá le tarchur, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna a bheidh le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32007L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|