|
+Airteagal 9c 4. |
Airteagal 9c 4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an cruinniú ginearálta nó comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta aon idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a fhormheas i gcomhréir le nósanna imeachta a chuireann cosc ar an bpáirtí gaolmhar leas a bhaint as a sheasamh agus a chuireann cosaint leormhaith ar fáil do leasanna na cuideachta agus do scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag scairshealbhóirí sa chruinniú ginearálta vótáil ar idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a ndearna comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta iad a fhormheas. I gcás ina bhfuil baint ag stiúrthóir nó ag scairshealbhóir le hidirbheart an pháirtí ghaolmhair, ní ghlacfaidh an stiúrthóir nó an scairshealbhóir páirt san fhormheas ná sa vóta. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don scairshealbhóir ar páirtí gaolmhar é páirt a ghlacadh sa vóta ar choinníoll go n-áirithíonn an dlí náisiúnta coimircí iomchuí a bhfuil feidhm acu roimh an bpróiseas vótála, nó lena linn, chun leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, a chosaint, trí chosc a chur ar an bpáirtí gaolmhar an t-idirbheart a fhormheas in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad nó in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na stiúrthóirí neamhspleácha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|