+Airteagal 3 Suíomhanna gearra agus fada
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.

Airteagal 3 Suíomhanna gearra agus fada

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur suíomh gearr a bhaineann le scairchaipiteal eisithe cuideachta nó le fiachas ceannasach eisithe é aon suíomh a thig ó cheachtar de na nithe seo a leanas:

(a) 

díol folamh scaire arna heisiúint ag cuideachta nó díol folamh ionstraime fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;

(b) 

idirbheart a dhéanamh lena gcruthaítear ionstraim airgeadais nó idirbheart a bhaineann le hionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann an t-idirbheart sin i gcás laghdú ar phraghas nó ar luach na scaire nó laghdú ar phraghas nó ar luach na hionstraime fiachais.

Airteagal 3 2.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur suíomh fada a bhaineann le scairchaipiteal eisithe nó le fiachas ceannasach eisithe é aon suíomh a thig ó cheachtar de na nithe seo a leanas:

(a) 

bheith i seilbh scaire arna heisiúint ag cuideachta nó bheith i seilbh ionstraime fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;

(b) 

idirbheart a dhéanamh lena gcruthaítear nó lena mbaineann ionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann an t-idirbheart sin i gcás méadú ar phraghas nó luach na scaire nó na hionstraime fiachais.

Airteagal 3 3.
Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, maidir le suíomh gearr nó suíomh fada a ríomh agus i leith aon suíomh atá i seilbh an duine ábhartha go hindíreach, lena n-áirítear trí nó trí bhíthin aon innéacs, bascaed urrús nó aon leas in aon chiste arna thrádáil ar an malartán nó in eintiteas comhchosúil, déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach i dtrácht é a chinneadh agus é ag gníomhú ar shlí réasúnach agus aird á tabhairt aige ar an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí i dtaca le comhdhéanamh an innéacs ábhartha nó an bhascaeid urrús ábhartha, nó comhdhéanamh na leasanna atá i seilbh an chiste ábhartha is ciste arna thrádáil ar an malartán nó in eintiteas comhchosúil. Le linn suíomh gearr nó suíomh fada den sórt sin a ríomh, ní bheidh sé de cheangal ar aon duine aon fhaisnéis fíor-ama a fháil ó dhuine ar bith i dtaca leis an gcomhdhéanamh sin.

Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, áireofar aon bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí a bhaineann leis an eisitheoir ceannasach nuair a ríomhtar suíomh gearr nó suíomh fada a bhaineann le fiachas ceannasach.

Airteagal 3 4.
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur glansuíomh gearr i ndáil le scairchaipiteal eisithe é an suíomh atá ann tar éis aon suíomh fada atá i seilbh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh i ndáil le scairchaipiteal eisithe a asbhaint ó aon suíomh gearr atá i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin i ndáil le caipiteal na cuideachta lena mbaineann.
Airteagal 3 5.
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur glansuíomh gearr i ndáil le fiachas ceannasach eisithe lena mbaineann é an suíomh atá ann tar éis aon suíomh fada atá i seilbh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh i ndáil le fiachas ceannasach eisithe agus aon suíomh fada in ionstraimí fiachais eisitheora cheannasaigh, a bhfuil comhghaol ard idir a bpraghas agus praghas an fhiachais cheannasaigh atá i dtrácht, a asbhaint ó aon suíomh gearr atá i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin maidir le fiachas ceannasach an eisitheora cheannasaigh lena mbaineann.
Airteagal 3 6.
Maidir le ríomh an fhiachais cheannasaigh faoi mhír 1 go mír 5, déanfar é i gcomhair gach eisitheora cheannasaigh ar leith fiú má eisíonn eintitis ar leithligh fiachas ceannasach thar ceann an eisitheora cheannasaigh.
Airteagal 3 7.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar:

(a) 

cásanna ina meastar go bhfuil scair nó ionstraim fiachais i seilbh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chun críocha mhír 2;

(b) 

cásanna ina bhfuil glansuíomh gearr ag duine nádúrtha nó dlítheanach chun críocha mhír 4 agus mhír 5 agus modh ríofa an tsuímh sin;

(c) 

modh ríofa suíomhanna chun críocha mhír 3, mhír 4 agus mhír 5 nuair atá suíomhanna fada nó gearra ag eintitis éagsúla i ngrúpa nó ar mhaithe le gníomhaíochtaí bainistíochta ciste a bhaineann le cistí ar leithligh.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear san áireamh le modh an ríofa, go háirithe, an mbítear ag gabháil do straitéisí infheistíochta éagsúla i ndáil le heisitheoir ar leith trí níos mó ná ciste amháin ar leithligh arna mbainistiú ag an mbainisteoir ciste céanna, an mbítear ag gabháil don straitéis infheistíochta chéanna i ndáil le heisitheoir ar leith trí níos mó ná ciste amháin, agus an bhfuil níos mó ná punann amháin laistigh den eintiteas céanna á bhainistiú ar bhonn lánroghnach trína mbítear ag gabháil don straitéis infheistíochta chéanna i ndáil le heisitheoir ar leith.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.