Tá an tAirteagal seo gan dochar do dhlíthe, do rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin arna nglacadh i ndáil le tairiscintí táthcheangail, idirbhearta cumaisc agus idirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí arna rialáil ag na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (
3
) lena gceanglaítear suíomhanna gearra a nochtadh ar ceanglais iad a théann níos faide ná ceanglais an Airteagail seo.