+Airteagal 6 Glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna a nochtadh don phobal
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.

Airteagal 6 Glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna a nochtadh don phobal

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil glansuíomh gearr aige i ndáil le scairchaipiteal eisithe cuideachta is cuideachta a bhfuil scaireanna aici a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála mionsonraí a bhaineann leis an suíomh sin a nochtadh don phobal, i gcomhréir le hAirteagal 9, i gcás ina sroicheann an suíomh tairseach foilsithe ábhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó i gcás ina dtiteann an suíomh sin faoi bhun na tairsí sin.
Airteagal 6 2.
Is éard is tairseach foilsithe ábhartha ann céatadán atá comhionann le 0,5 % de scairchaipiteal eisithe na cuideachta lena mbaineann agus gach 0,1 % os a chionn sin.
Airteagal 6 3.
Féadfaidh ÚEUM tuairim maidir le coigeartú na dtairseach dá dtagraítear i mír 2 a eisiúint chuig an gCoimisiún, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.
Airteagal 6 4.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 lena ndéanfar na tairseacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a mhodhnú, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.
Airteagal 6 5.
Tá an tAirteagal seo gan dochar do dhlíthe, do rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin arna nglacadh i ndáil le tairiscintí táthcheangail, idirbhearta cumaisc agus idirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí arna rialáil ag na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail ( 3 ) lena gceanglaítear suíomhanna gearra a nochtadh ar ceanglais iad a théann níos faide ná ceanglais an Airteagail seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.