+Airteagal 9 An modh fógartha agus nochta
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
|
Airteagal 9 An modh fógartha agus nochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Leagfar amach in aon fhógra nó in aon nochtadh faoi Airteagail 5, 6, 7 nó 8 mionsonraí i dtaobh chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an suíomh ábhartha ina sheilbh aige, méid an tsuímh ábhartha, an t-eisitheoir a bhfuil an suíomh ábhartha á shealbhú i ndáil leis agus an dáta ar cruthaíodh nó ar athraíodh an suíomh ábhartha nó ar scoireadh dá shealbhú. Chun críocha Airteagail 5, 6, 7 agus 8, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra suntasacha ina seilbh acu taifead ar na hollsuíomhanna lena ndéantar glansuíomh gearr suntasach a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Is é meán oíche ag deireadh an lae trádála a bhfuil an suíomh ábhartha i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh an t-am ábhartha le glansuíomh gearr a ríomh. Beidh feidhm ag an t-am sin i leith gach idirbheart beag beann ar an modh trádála a úsáidtear, lena n-áirítear idirbhearta a dhéantar trí thrádáil de láimh nó trí thrádáil uathoibrithe, agus beag beann ar cibé a ndearnadh na hidirbhearta i rith gnáthuaireanta trádála. Déanfar an fógra nó an nochtadh tráth nach déanaí ná 15.30 an lá trádála dár gcionn. Déanfar na hamanna atá sonraithe sa mhír seo a ríomh de réir an ama i mBallstát an údaráis inniúil ábhartha a gcaithfear fógra a thabhairt dó maidir leis an suíomh ábhartha.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Agus fógra maidir le faisnéis á thabhairt d’údarás inniúil ábhartha, déanfar rúndacht na faisnéise a áirithiú agus déanfar sásraí um fhíordheimhniú foinse an fhógartha a ionchorprú.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Déanfar an nochtadh poiblí faisnéise a leagtar amach in Airteagal 6 ar shlí lena n-áiritheofar rochtain thapa ar fhaisnéis ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear an fhaisnéis sin ar láithreán gréasáin lárnach atá á oibriú nó á mhaoirsiú ag an údarás inniúil ábhartha. Cuirfidh na húdaráis inniúla seoladh an láithreáin ghréasáin sin in iúl do ÚEUM, agus cuirfidh ÚEUM, ar a uain, nasc chuig gach láithreán gréasáin lárnach den sórt sin ar a láithreán gréasáin féin.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar mionsonraí na faisnéise a bheidh le soláthar chun críocha mhír 1. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 4, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonrófar na modhanna trína bhféadfar faisnéis a nochtadh don phobal. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012. Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|