+Airteagal 11 Faisnéis nach mór a sholáthar do ÚEUM
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Faisnéis nach mór a sholáthar do ÚEUM
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Tabharfaidh na húdaráis inniúla faisnéis i bhfoirm achomair do ÚEUM ar bhonn ráithiúil maidir le glansuíomhanna gearra a bhaineann le scairchaipiteal eisithe agus le fiachas ceannasach eisithe, agus maidir le suíomhanna neamhurraithe a bhaineann le babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí, arb é an t-údarás inniúil ábhartha dóibh agus an t-údarás a fhaigheann fógraí faoi Airteagal 5, Airteagal 7 agus Airteagal 8.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh ÚEUM tráth ar bith faisnéis bhreise a iarraidh ar údarás inniúil ábhartha maidir le glansuíomhanna gearra a bhaineann le scairchaipiteal eisithe agus maidir le fiachas ceannasach eisithe, nó maidir le suíomhanna neamhurraithe a bhaineann le babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar do ÚEUM laistigh de 7 lá féilire ar a dhéanaí. Más rud é go bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis atá ar fáil bunaithe ar na ceanglais fógartha faoi Airteagal 5, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a sholáthar do ÚEUM laistigh de 24 uaire an chloig.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar mionsonraí na faisnéise a bheidh le soláthar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonrófar formáid na faisnéise a bheidh le soláthar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012. Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|