+Airteagal 13 Srianta ar dhíol folamh neamhurraithe i bhfiachas ceannasach
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.

Airteagal 13 Srianta ar dhíol folamh neamhurraithe i bhfiachas ceannasach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Ní fhéadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach díol folamh fiachais cheannasaigh a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhalltar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá an ionstraim fiachais cheannasaigh faighte ar iasacht ag an duine nádúrtha nó dlítheanach nó tá forálacha malartacha déanta ag an duine sin a bhfuil éifeacht dhlíthiúil chomhchosúil acu;

(b) 

tá comhaontú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach chun an ionstraim fiachais cheannasaigh a fháil ar iasacht nó tá éileamh atá go hiomlán in-fhorfheidhmithe aige faoi dhlí na gconarthaí nó faoi dhlí maoine le go n-aistreofar chuige úinéireacht an lín chomhfhreagraigh urrús den aicme comhfhreagrach chun go bhféadfar an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite; nó

(c) 

tá socrú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach le tríú páirtí faoina bhfuil sé dearbhaithe ag an tríú páirtí sin go bhfuil an ionstraim fiachais cheannasaigh aimsithe nó gur réasúnach go mbeadh an duine sin ag súil ar shlí eile gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite.

Airteagal 13 2.
Ní bheidh feidhm ag na srianta i mír 1 má fhónann an t-idirbheart chun fálú a dhéanamh ar shuíomh fada in ionstraimí fiachais eisitheora, agus comhghaol ard a bheith idir praghsáil na n-ionstraimí sin agus praghsáil an fhiachais cheannasaigh atá i dtrácht.
Airteagal 13 3.
I gcás ina dtiteann leachtacht fiachais cheannasaigh faoi bhun na tairsí a chinntear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha na srianta dá dtagraítear i mír 1 a fhionraí go sealadach. Sula ndéanfar na srianta sin a fhionraí, tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile faoin bhfionraí atá beartaithe.

Beidh fionraí bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná sé mhí ó dháta a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar an fionraí a athnuachan go ceann tréimhsí nach faide ná sé mhí má leanann na forais a bhí ann chun an fionraí a dhéanamh d’fheidhm a bheith acu. Mura ndéantar an fionraí a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

Laistigh de 24 uaire tar éis an fógra a fháil ón údarás inniúil ábhartha, déanfaidh ÚEUM tuairim atá bunaithe ar mhír 4 a eisiúint maidir leis an bhfionraí fógartha nó maidir le hathnuachan ar fhionraí. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM.

Airteagal 13 4.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 lena sonrófar na paraiméadair agus na modhanna chun an tairseach leachtachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i ndáil le fiachas ceannasach eisithe a ríomh.

Déanfar na paraiméadair agus na modhanna chun go ndéanfadh Ballstáit an tairseach a ríomh a shocrú ar shlí a fhágann i gcás ina sroichfear í gurb ionann í agus meath suntasach i dtaca leis an meánleibhéal leachtachta don fhiachas ceannasach lena mbaineann.

Déanfar an tairseach a shainiú ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach don mhargadh ábhartha fiachais cheannasaigh, lena n-áirítear méid iomlán an fhiachais cheannasaigh eisithe nár íocadh i leith gach eisitheora cheannasaigh.

Airteagal 13 5.
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na cineálacha comhaontuithe nó socruithe a chinneadh lena n-áirithítear go leordhóthanach go mbeidh an fiachas ceannasach ar fáil le haghaidh socraíochta. Déanfaidh ÚEUM go sonrach an gá atá le leachtacht na margaí a chaomhnú a chur san áireamh, go háirithe margaí bannaí ceannasacha agus margaí athcheannaigh bannaí ceannasacha.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.