|
+Airteagal 40 Faisnéis a nochtadh do thríú tíortha |
Airteagal 40 Faisnéis a nochtadh do thríú tíorthaAirteagal 40 Faisnéis a nochtadh do thríú tíortha Féadfaidh údarás inniúil sonraí agus anailís sonraí a aistriú chuig údarás maoirseachta tríú tíre i gcás ina gcomhalltar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25 nó Airteagal 26 de Threoir 95/46/CE, ach ní dhéanfar aistriú den sórt sin ach ar bhonn gach cáis faoi leith. Beidh an t-údarás inniúil deimhin de gur gá an t-aistriú chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar aon aistriú den sórt sin de réir comhaontaithe nach n-aistreoidh an tríú tír na sonraí chuig údarás maoirseachta tríú tíre eile gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil. Ní dhéanfaidh údarás inniúil faisnéis, ar faisnéis rúnda í de bhun Airteagal 34 agus a fhaightear ó údarás inniúil Ballstáit eile, a nochtadh d’údarás maoirseachta tríú tíre ach amháin sa chás go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag an údarás inniúil ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar an fhaisnéis a nochtadh chun na gcríoch ar ina leith a thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú, agus chun na gcríoch sin amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|