+CAIBIDIL VI RÓL ÚDARÁS INNIÚIL
---+Airteagal 32 Údaráis inniúla
---+Airteagal 33 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
------+Airteagal 33 1.
------+Airteagal 33 2.
------+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 34 Rúndacht ghairmiúil
------+Airteagal 34 1.
------+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 35 Oibleagáid maidir le comhar
---+Airteagal 36 Comhar le ÚEUM
---+Airteagal 37 Comhar i gcás ina n-iarrtar cigireachtaí ar an láthair nó imscrúduithe ar an láthair
------+Airteagal 37 1.
------+Airteagal 37 2.
------+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 38 Comhar le tríú tíortha
------+Airteagal 38 1.
------+Airteagal 38 2.
------+Airteagal 38 3.
------+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 39 Sonraí pearsanta a aistriú agus a choimeád
---+Airteagal 40 Faisnéis a nochtadh do thríú tíortha
---+Airteagal 41 Pionóis

CAIBIDIL VI RÓL ÚDARÁS INNIÚIL

CAIBIDIL VI RÓL ÚDARÁS INNIÚIL

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 Údaráis inniúla

Airteagal 32

Údaráis inniúla

Déanfaidh gach Ballstát údarás amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla a ainmniú chun críche an Rialacháin seo.

I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé an t-údarás arb é atá le bheith freagrach as an gcomhar agus as an malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoi na hainmniúcháin sin.

Airteagal 33 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Airteagal 34 Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 35 Oibleagáid maidir le comhar

Airteagal 35

Oibleagáid maidir le comhar

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile i gcás inar gá nó inar fóirsteanach sin chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, an fhaisnéis atá ábhartha chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile agus déanfaidh siad sin gan aon mhoill mhíchuí.

Airteagal 36 Comhar le ÚEUM

Airteagal 36

Comhar le ÚEUM

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá chun go gcomhlíonfaidh ÚEUM a dhualgais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a sholáthar do ÚEUM gan mhoill.

Airteagal 37 Comhar i gcás ina n-iarrtar cigireachtaí ar an láthair nó imscrúduithe ar an láthair
Airteagal 38 Comhar le tríú tíortha
Airteagal 39 Sonraí pearsanta a aistriú agus a choimeád

Airteagal 39

Sonraí pearsanta a aistriú agus a choimeád

Maidir le sonraí pearsanta a aistriú idir Ballstáit nó idir Ballstáit agus tríú tír, déanfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm. Maidir le sonraí pearsanta a aistríonn ÚEUM chuig Ballstáit nó chuig tríú tír, déanfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chomhlíonadh.

Déanfar sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad mhír a choimeád go ceann tréimhse uasta 5 bliana.

Airteagal 40 Faisnéis a nochtadh do thríú tíortha

Airteagal 40

Faisnéis a nochtadh do thríú tíortha

Féadfaidh údarás inniúil sonraí agus anailís sonraí a aistriú chuig údarás maoirseachta tríú tíre i gcás ina gcomhalltar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25 nó Airteagal 26 de Threoir 95/46/CE, ach ní dhéanfar aistriú den sórt sin ach ar bhonn gach cáis faoi leith. Beidh an t-údarás inniúil deimhin de gur gá an t-aistriú chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar aon aistriú den sórt sin de réir comhaontaithe nach n-aistreoidh an tríú tír na sonraí chuig údarás maoirseachta tríú tíre eile gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil.

Ní dhéanfaidh údarás inniúil faisnéis, ar faisnéis rúnda í de bhun Airteagal 34 agus a fhaightear ó údarás inniúil Ballstáit eile, a nochtadh d’údarás maoirseachta tríú tíre ach amháin sa chás go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag an údarás inniúil ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar an fhaisnéis a nochtadh chun na gcríoch ar ina leith a thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú, agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 41 Pionóis

Airteagal 41

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis agus bearta riaracháin is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo a bhunú agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na píonóis agus na bearta riaracháin sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh ÚEUM treoirlínte a ghlacadh chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir leis na pionóis agus na bearta riaracháin a bheidh le bunú ag Ballstáit.

Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír don Choimisiún agus do ÚEUM faoin 1 Iúil 2012 agus tabharfaidh siad fógra dóibh gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin.

Déanfaidh ÚEUM liosta de na pionóis atá ann cheana is infheidhme i ngach Ballstát agus de na bearta riaracháin atá ann cheana is infheidhme i ngach Ballstát a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin, agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

Déanfaidh Ballstáit faisnéis chomhiomlán a sholáthar go bliantúil do ÚEUM maidir leis na pionóis agus na bearta riaracháin arna bhforchur. Má dhéanann údarás inniúil an fíoras gur forchuireadh pionós nó beart riaracháin a nochtadh don phobal, tabharfaidh sé fógra maidir leis an méid sin do ÚEUM an tráth céanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.