|
+Airteagal 23b 3. |
Airteagal 23b 3.Nuair atá soláthar faisnéise á éileamh faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
(a)
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;
(b)
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
(c)
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
(d)
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;
(e)
sonróidh sé na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás an fhaisnéis a éileofar a bheith neamhiomlán;
(f)
sonróidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 36a, i dteannta phointe 7 de Roinn II d'Iarscríbhinn III, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
(g)
sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|