+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “innéacs” aon fhigiúr:
(a)
a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil don phobal;
(b)
a chinntear go rialta:
(i)
go hiomlán nó i bpáirt, trí fhoirmle a chur i bhfeidhm nó trí aon mhodh ríomha eile, nó trí mheasúnú; agus
(ii)
ar bhonn luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó praghsanna, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta, luachana agus luachana geallta, nó luachanna eile nó suirbhéanna;
(2)
ciallaíonn “soláthróir innéacsanna” an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar innéacs a sholáthar;
(3)
ciallaíonn “tagarmharc” aon innéacs ar faoina threoir a dhéantar an méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais, nó luach ionstraime airgeadais, a chinneadh, nó innéacs a úsáidtear chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas arb é is cuspóir dó tuairisceán innéacs den sórt sin a rianú nó leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú nó na táillí feidhmíochta a ríomh;
(4)
ciallaíonn “fine tagarmharcanna” grúpa tagarmharcanna a sholáthraíonn an riarthóir céanna agus a chinntear ó shonraí ionchuir den chineál céanna a sholáthraíonn tomhais shonracha ar an margadh céanna nó ar mhargadh comhchosúil nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch;
(5)
ciallaíonn “tagarmharc a sholáthar”:
(a)
na socruithe a riar chun tagarmharc a chinneadh;
(b)
sonraí ionchuir a bhailiú, a phróiseáil nó anailís a dhéanamh orthu ar mhaithe le tagarmharc a chinneadh; agus
(c)
tagarmharc a chinneadh trí fhoirmle nó modh ríofa eile a cur i bhfeidhm nó trí mheasúnú a dhéanamh ar shonraí ionchuir a soláthraíodh chun na críche sin;
(6)
ciallaíonn “riarthóir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar sholáthar tagarmhairc;
(7)
ciallaíonn “úsáid tagarmhairc”:
(a)
eisiúint ionstraime airgeadais a dhéanann tagairt d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna;
(b)
cinneadh faoin méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais trí thagairt a dhéanamh d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna.
(c)
is páirtí do chonradh airgeadais a dhéanann tagairt d'innéacs nó do theaglaim innéacsanna;
(d)
ráta iasachta mar a shainítear i bpointe (j) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE a sholáthar, ar ráta é arna ríomh mar raon nó marcáil suas thar innéacs nó teaglaim innéacsanna agus nach n-úsáidtear ach mar thagairt i gconradh ar páirtí ann an creidiúnaí;
(e)
feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas trí innéacs nó trí theaglaim innéacsanna chun tuairisceán innéacs den sórt sin nó teaglama innéacsanna den sórt sin a rianú, nó trí leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú, nó trí na táillí feidhmíochta a ríomh;
(8)
ciallaíonn “sonraí ionchuir a rannchuidiú” aon sonraí ionchuir nach bhfuil fáil orthu go héasca a sholáthar do riarthóir, nó do dhuine eile chun iad a chur ar aghaidh chuig riarthóir, ar sonraí iad atá de dhíth i ndáil le tagarmharc a chinneadh, agus a sholáthraítear chun na críche sin;
(9)
ciallaíonn “rannchuiditheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a rannchuidíonn sonraí ionchuir;
(10)
ciallaíonn “rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht” eintiteas faoi mhaoirseacht a rannchuidíonn sonraí ionchuir le riarthóir atá lonnaithe san Aontas;
(11)
ciallaíonn “aighnitheoir” duine nádúrtha atá fostaithe ag an rannchuiditheoir chun na críche sonraí ionchuir a rannchuidiú;
(12)
ciallaíonn “measúnóir” fostaí riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a sheirbhísí nó a seirbhísí ar fáil don riarthóir nó faoi rialú an riarthóra, agus atá freagrach as modheolaíocht nó breithiúnas a chur i bhfeidhm ar shonraí ionchuir agus ar fhaisnéis eile chun teacht ar mheasúnú críochnaitheach faoi phraghas tráchtearra áirithe;
(13)
ciallaíonn “breithiúnas saineolach” lánrogha a bheith á feidhmiú ag riarthóir nó ag rannchuiditheoir maidir le sonraí a úsáid agus tagarmharc á chinneadh, lena n-áirítear luachanna a eachtarshuí ó idirbhearta roimhe sin nó idirbhearta gaolmhara, luachanna a choigeartú le haghaidh tosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht sonraí amhail imeachtaí margaidh nó lagú ar cháilíocht creidmheasa ceannaitheora nó díoltóra, agus ualú tairiscintí daingne ceannaigh nó tairiscintí díola ar mó iad ná idirbheart ar leith atá tugtha i gcrích;
(14)
ciallaíonn “sonraí ionchuir” na sonraí i ndáil le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó, nó i ndáil le praghsanna, lena n-áirítear praghsanna measta, luachana, luachana geallta nó luachanna eile, a úsáideann riarthóir chun tagarmharc a chinneadh;
(15)
ciallaíonn “sonraí idirbhirt” praghsanna, rátaí, innéacsanna nó luachanna inbhraite atá ina dtuairiscí ar idirbhearta idir contrapháirtithe nach bhfuil cleamhnaithe i margadh gníomhach atá faoi réir fórsaí iomaíocha soláthair agus éilimh;
(16)
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” aon cheann de na hionstraimí a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE lenar iarradh cead isteach i gcomhair trádáil ar ionad trádála ina leith, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, nó a dhéantar a thrádáil ar ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó trí inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) den Treoir sin;
(17)
ciallaíonn “eintiteas faoi mhaoirseacht” aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
);
(b)
gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(c)
gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
);
(d)
gnóthas athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
(e)
GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/65/CE nó, i gcás inarb infheidhme, cuideachta bhainistíochta GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) den Treoir sin;
(f)
bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
);
(g)
institiúid um chóir ar scor ceirde mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 6 de Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
);
(h)
creidiúnaí mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE chun críocha na gcomhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 den Treoir sin;
(i)
institiúid neamhchreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/17/AE chun críocha na gcomhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4 den Treoir sin;
(j)
oibreoir margaidh mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
(k)
CPL mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
);
(l)
stór trádála mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
▼M6
(m)
riarthóir atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34;
▼B
(18)
ciallaíonn “conradh airgeadais”:
(a)
aon chomhaontú creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE;
(b)
aon chomhaontú creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/17/AE;
(19)
ciallaíonn “ciste infheistíochta” AIF mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, nó GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;
(20)
ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht nó comhlachtaí riarthóra nó eintitis eile faoi mhaoirseacht a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar comhlachtaí iad a chumhachtaítear straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bainistíochta agus a n-áirítear iontu na daoine a stiúrann gnó an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht go hiarbhír;
(21)
ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí airgeadais a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de cheird, gnó nó gairm an duine sin;
(22)
ciallaíonn “tagarmharc ráta úis” tagarmharc a chinntear, chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, ar bhonn an ráta a bhféadfaidh bainc iasachtaí a thabhairt do bhainc eile nó iasachtaí a fháil uathu, nó iasachtaí a thabhairt do ghníomhairí eile seachas bainc nó iasachtaí a fháil uathu, sa mhargadh airgeadais;
▼M3
(22a)
ciallaíonn “spot-tagarmharc malairte eachtraí” tagarmharc lena léirítear an praghas, arna shloinneadh in airgeadra amháin, atá ar airgeadra eile nó ar bhascaed airgeadraí eile, le seachadadh ar an dáta luacha is luaithe is féidir;
▼B
(23)
ciallaíonn “tagarmharc tráchtearraí” tagarmharc ar tráchtearra de réir bhrí phointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (
6
) í an bhunsócmhainn chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, agus na lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE á n-eisiamh;
▼M1
(23a)
ciallaíonn “Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE” tagarmharc atá lipéadaithe mar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(a)
chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo agus Airteagal 19b, déantar a sócmhainní foluiteacha a roghnú, a ualú nó a eisiamh sa chaoi go bhfuil an phunann tagarmhairc a eascraíonn uaidh ar chonair dhícharbónaithe; agus
(b)
déantar é i gcomhréir leis na caighdeáin íosta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2);
(23b)
ciallaíonn “Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras” tagarmharc atá lipéadaithe mar Thagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(a)
chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo agus an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19c, déantar a sócmhainní foluiteacha a roghnú, a ualú nó a eisiamh sa chaoi go bhfuil astaíochtaí carbóin na punainne tagarmhairc a eascraíonn uaidh ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, a d’fhormheas an tAontas an 5 Deireadh Fómhair 2016 (
7
) (“Comhaontú Pháras”);
(b)
déantar é i gcomhréir leis na caighdeáin íosta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2); agus
(c)
ní dhéanann na gníomhaíochtaí a bhaineann lena bhunsócmhainní dochar mór do chuspóirí eile comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG);
(23c)
ciallaíonn “conair dhícharbónaithe” conair intomhaiste, atá bunaithe ar an eolaíocht agus atá srianta ó thaobh ama de i dtreo an ailínithe le cuspóirí Chomhaontú Pháras trí astaíochtaí carbóin Raon Feidhme 1, 2 agus 3 dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn III a laghdú;
▼B
(24)
ciallaíonn “tagarmharc sonraí rialáilte” tagarmharc arna chinneadh trí fhoirmle ó na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:
▼M2
(a)
sonraí ionchuir arna rannchuidiú go hiomlán agus go díreach ó na nithe seo a leanas:
▼M3
(i)
ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é nó ionad trádála i dtríú tír a bhfuil an Coimisiún tar éis cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina leith á rá go meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta na tíre sin laistigh de bhrí Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) nó Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó chun margadh rialáilte measta a bheith coibhéiseach faoi Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ach i ngach cás le tagairt do shonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais, agus leis an tagairt sin amháin;
▼M6
(ii)
socrú formheasta maidir le foilsiú mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (34), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó soláthraí teilitéipe comhdhlúite mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1),pointe (35), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála, ach i ndáil le sonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála amháin;
(iii)
sásra tuairiscithe formheasta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ach i ndáil le sonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais amháin a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach mór a nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála;
▼B
(iv)
malartú leictreachais dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 37(1) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
);
(v)
malartán gáis nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (j) d'Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
);
(vi)
ardán ceant dá dtagraítear in Airteagal 26 nó in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (
11
);
▼M2
(vii)
soláthraí seirbhíse ar chuige a sheachfhoinsigh an riarthóir tagarmhairc an bailiúchán sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10, seachas pointe (f) d’Airteagal 10(3), ar choinníoll go bhfaighidh an soláthraí seirbhíse na sonraí go hiomlán agus go hiomlán ón eintiteas dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (vi) den phointe seo;
▼B
(b)
glanluachanna sócmhainní cistí infheistíochta;
(25)
ciallaíonn “tagarmharc criticiúil” tagarmharc seachas tagarmharc sonraí rialáilte a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus atá ar an liosta arna bhunú ag an Coimisiún de bhun an Airteagail sin;
(26)
ciallaíonn “tagarmharc suntasach” tagarmharc a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24(1);
▼M6 —————
▼B
(28)
ciallaíonn “lonnaithe”, i ndáil le duine dlítheanach, an tír ina bhfuil oifig chláraithe nó seoladh oifigiúil eile an duine sin suite agus, i ndáil le duine nádúrtha, an tír ina bhfuil an duine sin ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir chun críocha cánach;
(29)
ciallaíonn “údarás poiblí”:
(a)
aon rialtas nó riarachán poiblí eile, lena n-áirítear na heintitis a bhfuil de chúram orthu idirghabháil i mbainistiú an fhiachais phoiblí;
(b)
aon eintiteas nó duine, bíodh sé nó sí ag feidhmiú feidhmeanna riaracháin phoiblí faoin dlí náisiúnta, nó a bhfuil freagrachtaí nó feidhmeanna poiblí air nó uirthi nó a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus boilsciú, faoi rialú eintiteas de réir bhrí phointe (a).
|
|
Airteagal 3 2.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun gnéithe teicniúla na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, lena sonraítear go háirithe cad é atá i gceist le cur ar fáil don phobal chun críoch innéacs a shainmhíniú. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun liosta d'údaráis phoiblí san Aontas a thagann laistigh den sainmhíniú faoi phointe (29) de mhír 1 den Airteagal seo a bhunú agus athbhreithniú a dhéanamh air. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2). I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|