+Airteagal 4 Ceanglais maidir le rialachas agus le coinbhleacht leasa
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 4 9.

Airteagal 4 Ceanglais maidir le rialachas agus le coinbhleacht leasa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Beidh socruithe láidre rialachais i bhfeidhm ag riarthóir, agus áireofar sna socruithe sin struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha agus róil shoiléire, thrédhearcacha agus chomhsheasmhacha le haghaidh gach duine a bhfuil baint aige nó aici le tagarmharc a sholáthar.

Glacfaidh riarthóirí céimeanna leormhaithe chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú eatarthu féin, lena n-áirítear a mbainisteoirí, a bhfostaithe nó aon duine a bhfuil baint dhíreach aige nó aici leo trí rialú agus trí rannchuiditheoirí nó úsáideoirí, agus chun a áirithiú, i gcás ina n-éileofar aon bhreithiúnas nó lánrogha sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, go ndéanfar an breithiúnas nó an lánrogha sin a fheidhmiú go neamhspleách agus go hionraic.

Airteagal 4 2.
Beidh soláthar tagarmhairc scartha go hoibríochtúil ó aon chuid de ghnó de chuid riarthóra a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa iarbhír nó féideartha a chruthú.
Airteagal 4 3.
I gcás ina dtarlóidh coinbhleacht leasa laistigh de riarthóir mar gheall ar struchtúr úinéireachta an rialthóra sin, leasanna rialaithe nó gníomhaíochtaí eile an rialathóra sin arna seoladh ag aon eintiteas a bhfuil an riarthóir faoi úinéireacht aige nó a rialaíonn é nó í nó ag eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an riarthóra nó aon cheann de chleamhnaithe an riarthóra, ar coinbhleacht í nach féidir a mhaolú go leormhaith, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a cheangal ar an riarthóir feidhm formhaoirseachta neamhspleách a bhunú ina mbeidh ionadaíocht chothrom geallsealbhóirí, lena n-áirítear úsáideoirí agus rannchuiditheoirí.
Airteagal 4 4.
Mura féidir coinbhleacht leasa den sórt sin a bhainistiú, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a cheangal ar an riarthóir scor de na gníomhaíochtaí nó de na gaolmhaireachtaí a chruthaíonn an choinbhleacht leasa nó scor den tagarmharc a sholáthar.
Airteagal 4 5.
Foilseoidh nó nochtfaidh riarthóir gach coinbhleacht leasa reatha nó féideartha d'úsáideoirí tagarmhairc, don údarás inniúil ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, do rannchuiditheoirí, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra.
Airteagal 4 6.

Déanfaidh riarthóir beartais agus nósanna imeachta leormhaithe, chomh maith le socruithe eagraíochtúla éifeachtacha, a bhunú agus a oibriú do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint coinbhleachtaí leasa chun sláine agus neamhspleáchas cinntí tagarmharcanna a chosaint. Déanfar beartais agus nósanna imeachta den sórt sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Déanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta na coinbhleachtaí leasa, méid na lánrogha arna feidhmiú sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna agus na rioscaí a bhaineann leis an tagarmharc a chur san áireamh, agus rachaidh siad i ngleic leo, agus déanfar:

(a) 

rúndacht na faisnéise a rannchuidíodh leis an riarthóir nó a tháirg an riarthóir, faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh agus trédhearcacht faoin Rialachán seo, a áirithiú; agus

(b) 

maolú go sonrach ar na coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra, nó mar gheall ar leasanna eile i ngrúpa an rialthóra nó mar thoradh ar dhaoine eile a bhféadfadh tionchar nó rialú a bheith acu ar an riarthóir i ndáil leis an tagarmharc a chinneadh.

Airteagal 4 7.

Maidir le fostaithe riarthóirí agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil do riarthóirí nó atá faoi rialú ag riarthóirí agus a bhfuil baint dhíreach acu le tagarmharc a sholáthar, áiritheoidh riarthóirí:

(a) 

go bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an taithí is gá acu do na dualgais atá sannta dóibh agus go bhfuil siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach;

(b) 

nach bhfuil siad faoi réir tionchar míchuí nó coinbhleachtaí leasa agus nach gcruthaíonn meastóireacht cúitimh agus feidhmíochta na ndaoine sin coinbhleachtaí leasa nó nach gcuireann siad isteach ar dhóigh eile ar shláine an phróisis faoina gcinntear tagarmharcanna;

(c) 

nach bhfuil aon leasanna nó naisc ghnó acu a chuireann gníomhaíochtaí an riarthóra lena mbaineann i gcontúirt;

(d) 

go bhfuil cosc orthu rannchuidiú le cinneadh tagarmhairc trí ghabháil do thairiscintí ceannaigh, do thairiscintí díola agus do thrádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, ach amháin i gcás ina n-éilítear so sainráite rannchuidiú ar an mbealach sin mar chuid den mhodheolaíocht tagarmhairc agus atá faoi réir rialacha sonracha ann; agus

(e) 

go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise le fostaithe eile a rialú, ar fostaithe iad a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a fhéadfaidh riosca de choinbhleachtaí leasa a chruthú, nó chun malartú faisnéise le tríú páirtithe a rialú, nó sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bhfaisnéis sin ar an tagarmharc.

Airteagal 4 8.
Bunóidh riarthóir nósanna imeachta rialaithe sonracha inmheánacha chun sláine agus iontaofacht an fhostaí nó an duine a bhfuil an tagarmharc á chinneadh aige nó aici a áirithiú, lena n-áirítear, ar a laghad, síniú ón mbainistíocht go hinmheánach roimh an tagarmharc a scaipeadh.
Airteagal 4 9.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeán theicniúla rialála chun na ceanglais a shonrú chun a áirithiú go bhfuil na socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1 daingean go leor.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.