|
+Airteagal 4 6. |
Airteagal 4 6.Déanfaidh riarthóir beartais agus nósanna imeachta leormhaithe, chomh maith le socruithe eagraíochtúla éifeachtacha, a bhunú agus a oibriú do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint coinbhleachtaí leasa chun sláine agus neamhspleáchas cinntí tagarmharcanna a chosaint. Déanfar beartais agus nósanna imeachta den sórt sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Déanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta na coinbhleachtaí leasa, méid na lánrogha arna feidhmiú sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna agus na rioscaí a bhaineann leis an tagarmharc a chur san áireamh, agus rachaidh siad i ngleic leo, agus déanfar:
(a)
rúndacht na faisnéise a rannchuidíodh leis an riarthóir nó a tháirg an riarthóir, faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh agus trédhearcacht faoin Rialachán seo, a áirithiú; agus
(b)
maolú go sonrach ar na coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra, nó mar gheall ar leasanna eile i ngrúpa an rialthóra nó mar thoradh ar dhaoine eile a bhféadfadh tionchar nó rialú a bheith acu ar an riarthóir i ndáil leis an tagarmharc a chinneadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|