|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Beidh soláthar tagarmhairc faoi rialú na gceanglas seo a leanas maidir lena shonraí ionchuir:
(a)
beidh na sonraí ionchuir leordhóthanach chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc. Sonraí idirbhirt a bheidh sna sonraí ionchuir, má tá siad ar fáil agus más iomchuí. Sa chás nach leor na sonraí idirbhirt nó nach iomchuí iad chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, is féidir úsáid a bhaint as sonraí ionchuir nach sonraí idirbhirt iad, lena n-áirítear pragsanna measta, luachana agus luachana geallta, nó luachanna eile;
(b)
beidh na sonraí ionchuir dá dtagraítear i bpointe (a) infhíoraithe;
(c)
déanfaidh an riarthóir treoirlínte soiléire maidir leis na cineálacha sonraí ionchuir, maidir le tosaíocht úsáide na gcineálacha éagsúla sonraí ionchuir agus feidhmiú breithiúnais shaineolaíoch a tharraingt suas agus a fhoilsiú, i gcomhréir le pointe (a) agus leis an modheolaíocht;
(d)
i gcás ina mbeidh an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, gheobhaidh an riarthóir, i gcás inarb iomchuí, na sonraí ionchuir ó phainéal iontafa agus ionadaíoch nó ó shampla iontaofa agus ionadaíoch rannchuiditheoirí chun a áirithiú go mbeidh an tagarmharc a gheofar mar thoradh air sin iontaofa agus ionadaíoch ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc;
(e)
ní bhainfidh riarthóir úsáid as sonraí ionchuir ó rannchuiditheoir más rud é gur léir don riarthóir nach gcloíonn an rannchuiditheoir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, agus i gcás den sórt sin gheobhaidh sé sonraí poiblí ionadaíocha atá ar fáil go poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|